Aithním an luach agus tábhacht a bhaineann le saothar agus oidhreacht an duine atá luaite ag an Teachta ó thaobh na teanga de. Níl aon phleananna ag mo Roinn faoi láthair chun comóradh a dhéanamh ar a bhás agus, de réir mar a thuigim, níl aon mhaoiniú ceadaithe go dtí seo i 2020 ag mo Roinn ná ag na háisíneachtaí faoina scáth d'aon togra a bheadh ag déanamh comóraidh ar bhás an duine sin.
Ach iarratas bailí ar thacaíocht a bheith faighte do chomóradh dá leithéid, d'fhéadfaí é a mheas de réir gnáthbheartais scéimeanna tacaíochta mo Roinne agus i gcomhthéacs an méid airgid atá ar fáil dóibh i mbliana.