Skip to main content
Normal View

Craoltóirí Seirbhíse Poiblí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 September 2020

Tuesday, 22 September 2020

Questions (145)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

145. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Líonraí Cumarsáide an bhfuil sé ar an eolas go bhfuil athdhearadh déanta ar shuíomh idirlín RTÉ gan comhéadan a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge; agus an bhfuil sé i gceist aige cás na Gaeilge i dtaobh an tsuímh a phlé le RTÉ. [24723/20]

View answer

Written answers

Is craoltóir seirbhíse poiblí náisiúnta neamhspleách é RTÉ a bhfuil a shainchúram agus a oibleagáidí leagtha amach san Acht Craolacháin 2009 agus, dá bharr sin, níl aon ról ag an Aire ina chuid oibríochtaí ó lá go lá. Foráiltear in Alt 98 go mbeidh RTÉ neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna, faoi réir cheanglais an Achta Craolacháin 2009.

Top
Share