Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 September 2020

Tuesday, 22 September 2020

Questions (350)

Brendan Griffin

Question:

350. D'fhiafraigh Deputy Brendan Griffin den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén fáth nár freagraíodh ceist pharlaiminte uimhir 23796/20 as Gaeilge mar a cheanglaítear le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [25271/20]

View answer

Written answers

Eisítear freagraí ar Cheisteanna Parlaiminte sa teanga ina gcuirtear iad.

Cé gur leagadh amach na “sonraí a soláthraíodh” le haghaidh Cheist Pharlaiminte Uimhir 329 i nGaeilge, cuireadh an cheist féin i mBéarla agus i mBéarla a tugadh an freagra féin, dá réir. Tugtar an freagra ar an gceist i nGaeilge thíos, ar mhaithe le cabhair a thabhairt don Teachta:

Tá an dá speiceas de rón in uiscí na hÉireann - an Rón Beag nó an Rón Cuain agus an Rón Glas, a bhfuil méideanna níos mó díobh ann - á gcosaint faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón AE agus tá oibleagáid ar Éirinn chun an líonta rónta a choimeád ar leibhéal fabhrach caomhnaithe. Tá orainn freisin monatóireacht a dhéanamh ar a ndaonraí agus tuairisciú a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach maidir lena stádas caomhnaithe. Tá clár caighdeánaithe monatóireachta i bhfeidhm don dá speiceas ó 2009. Cuireadh an tuarascáil is déanaí faoina stádas caomhnaithe faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh in Aibreán 2019 agus tá sé ar fáil ar láithreán gréasáin an SPNF (https://www.npws.ie/sites/default/files/publications/pdf/NPWS_2019_Vol3_Species_Article17.pdf).

Tugtar le fios sna meastacháin is déanaí ar dhaonraí atá ar fáil do mo Roinn go bhfuil thart ar 8,000-10,000 rón glas agus thart ar 5,000 rón cuain ann in Éirinn. Tá na hainmhithe seo leata timpeall chósta na hÉireann agus tá na daonraí is mó díobh suite feadh an chósta thiar ó na Blascaodaí i gContae Chiarraí aneas go dtí Maigh Eo thuaidh agus Dún na nGall.

Ainmhithe fadréimseacha iad rónta, agus rónta glasa, ach go háirithe. Deirtear go dtaistealaíonn ainmhithe na hÉireann idir Albain agus iarthuaisceart na Fraince. Téann daonraí móra rónta in Albain ar imirce chuig uiscí na hÉireann chun beathú, chomh maith céanna. Tá breis agus 100,000 rón glas in Albain.

Cé gur speicis chosanta iad rónta, is féidir le mo Roinn ceadúnais a eisiúint chun rónta aonair a chruthaíonn fadhb a chuileáil, agus is féidir le daoine a ndéantar difear dóibh iarratas a dhéanamh ar na ceadúnais siúd. Níl aon phleananna ag mo Roinn chun cuileáil ghinearálta a dhéanamh ar rónta.

Rinne mo Roinn teagmháil le bliain anuas le leasanna iascairí ón iardheisceart, an Daingean san áireamh, maidir le ceist na rónta. Fuarthas cúig iarratas ar cheadúnas faoi Alt 42 go dtí seo i mbliana. Ceadaíodh ceann amháin díobh seo - a bhain le hinbhear i Sligeach. Diúltaíodh ceann amháin mar gheall gur bhain sé le rónta a lámhach ar na Blascaodaí, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta do rónta. Fuarthas na trí iarratas eile ón Iardheisceart freisin – rinneadh dhá cheann i gCiarraí agus ceann amháin i gCorcaigh agus bhí rónta a lámhach ó bháid i gceist leo. Tá buarthaí ann faoin gcur chuige seo maidir le rónta a bhainistiú, nuair a chuirtear na buarthaí féideartha sábháilteachta san áireamh a chruthaíonn raidhfilí ardchumhachta a úsáid ar ardáin ghluaisteacha. Dá ainneoin sin, tá scrúdú á dhéanamh ag mo Roinn ar an bhféidearthacht chun scéim phíolótach a chur ar siúl a dhéanfadh an cur chuige seo a thástáil agus a dheimhneodh cé chomh héifeachtúil atá sí chun na héisc a ghabháil iascairí a chosaint. Cuireadh moill ar chinneadh ar an dá cheadúnas eile go dtí gur féidir an scéim phíolótach seo a thabhairt chun cinn. Bhí pleananna chun an scéim seo a thosú ní ba luaithe sa bhliain le cur siar mar gheall ar an bpaindéim.

Tá plé á dhéanamh ag mo Roinn freisin le Foras na Mara ar chur chuige chun idirghníomhú idir rónta agus iascaigh a bhainistiú.

Top
Share