Ba de bharr COVID-19, a d’fhág nárbh fhéidir Scrúduithe na hArdteistiméireachta a reáchtáil, a chinn mo Roinn dul le samhail na nGrád Ríofa.
Dearadh samhail na nGrád Ríofa ar chomhairle ó Ghrúpa Oibre Teicniúil ina raibh saineolaithe ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit, ó Chigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna, ón bhForas Taighde ar Oideachas agus saineolaithe seachtracha idirnáisiúnta.
Is iad an oibiachtúlacht, an chothromaíocht agus an chóir na prionsabail ar a bhfuil córas na ngrád ríofa bunaithe. Dearadh an próiseas chun léiriú cothrom a thabhairt ar fheidhmíocht daltaí gan buntáiste a thabhairt d’aon chineál dalta ná d’aon chineál scoile.
Leagadh amach i gCiorclán 0037/2020, a foilsíodh ar an 21 Beatlaine, treoir mhionsonraithe do na scoileanna ar an tslí a n-oibreodh próiseas na ngrád ríofa. Bhí mioneolas sa doiciméad sin ar an tslí le marcanna a mheas do dhaltaí a bheadh ag fáil gráid ríofa. Eisíodh treoir bhreise do na scoileanna ar an 28 Bealtaine ar an tslí le claonadh neamh-chomhfhiosach a sheachaint agus fianaise ar ghnóthachtáil a léirmhíniú i gcás daltaí faoi mhíchumas.
Ar aon dul leis an treoir sin, iarradh ar na múinteoirí dul i muinín a mbreithiúnais ghairmiúil chun marc measta a chur ar fáil do gach dalta. Cheangail an treoir ar na múinteoirí úsáid a bhaint as roinnt taifead chun feidhmíocht agus dul chun cinn daltaí a mheas: m.sh. obair ranga agus obair bhaile; measúnuithe ranga; scrúduithe scoile Nollag agus samhraidh, bréagscrúduithe agus ar ndóigh obair an chúrsa.
Cuireadh treoir ar fáil do na scoileanna, leis, faoin tslí le marc measta faoin gcéad a ríomh do dhaltaí a chláraigh lena gcuid scrúduithe a dhéanamh trí Ghaeilge: ba chóir don mhúinteoir an bónas a bhronntar as páipéar scríofa a fhreagairt trí Ghaeilge a chur san áireamh sa mheastachán. Mar sin, de bhrí gur cuireadh na marcanna bónais a bhronntar as scrúduithe a dhéanamh trí Ghaeilge san áireamh cheana féin sa mheastachán, tá na marcanna sin san áireamh sa Ghrád Ríofa deiridh a fuair na daltaí.