Skip to main content
Normal View

An Coimisinéir Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 30 September 2020

Wednesday, 30 September 2020

Questions (101)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

101. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta céard iad na céimeanna atá beartaithe aici chun na moltaí sa Tuarascáil is déanaí ón gCoimisinéir Teanga a chur i bhfeidhm; agus cad é a barúil ar an Tuarascáil. [27699/20]

View answer

Written answers

Tá dhá thuarascáil foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga go dáta i mbliana - an Tuarascáil Bhliantúil 2019 i mí na Bealtaine agus an Tuarascáil Faireacháin 2019 a foilsíodh i mí Lúnasa. Ní léir ó cheist an Teachta cén tuarascáil go sonrach a bhfuil i gceist aige ach ní gá a rá go mbeidh mo Roinn ag tabhairt aird ar a bhfuil ráite ag an gCoimisinéara Teanga sa bpéire acu.

Dar ndóigh, fáiltíonn mo Roinn roimh mholtaí an Choimisinéara Teanga i gcónaí. Ar bhonn praiticiúil is é a dhéanann monatóireacht ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus is tríd sin ar féidir láidreachtaí agus laigí na seirbhísí Stáit i nGaeilge a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu.

Mar shampla, chuir ‘An Tráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga’ a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga in 2017 go mór leis an bplé a bhain le deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga agus cuimsiú chóras na gcaighdeán teanga i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) - atá le hachtú roimh dheireadh na bliana mar atá geallta i gClár an Rialtais.

Agus mo Roinnse ag féachaint chun an Bille seo a neartú chomh maith, rinneadh breithiúnas air agus tógadh san áireamh roinnt tuairimí agus moltaí eile de chuid an Choimisinéara Teanga. Dar ndóigh, beidh roinnt acu seo lárnach do dhréachtú na gcaighdeán teanga chomh maith - go háirithe iad siúd a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar chaighdeán na seirbhísí atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta.

Bhuail mé leis an gCoimisinéir Teanga agus mé ar chuairt ar Chonamara le déanaí agus thapaigh mé an deis a chuid tuairimí maidir leis an mBille agus nithe eile a bhaineann le soláthar seirbhísí Stáit a phlé leis. Cuirfear san áireamh na tuairimí sin, dár ndóigh, sa díospóireacht a bheidh ar bun agus an Bille á thabhairt tríd an Oireachtas.

Top
Share