Leagtar amach in Alt 114 d'Acht 2009 príomhchuspóirí agus cumhachtaí gaolmhara RTÉ, agus sainítear gur
- cheart go dtabharfadh na cláir léargas ar ilchineálacht chultúir oileán uile na hÉireann agus aird ar leith a thabhairt ar na hairíonna a shainíonn an cultúr sin agus an Ghaeilge go háirithe;
- go ndéanfar le clársceidil réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil a fhreagróidh d’éagsúlacht chultúir agus lena bhfreastalaítear ar ionchais an phobail i gcoitinne mar aon le hionchais daoine den phobal a bhfuil spéiseanna speisialta nó spéiseanna mionlaigh acu; agus,
- Ba chóir cláracha nuachta agus cláracha cúrsaí reatha i nGaeilge agus i mBéarla a bheith san áireamh i soláthar cláracha RTÉ.
Tá RTÉ cuntasach don Oireachtas agus faoi réir maoirseachta ag rialálaí neamhspleách, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). I gcomhréir le hAlt 102 den Acht, foilsíonn RTÉ Ráitis Bhliantúla faoi Gheallúintí Feidhmíochta le spriocanna a bhaineann le réimse seirbhísí, an Ghaeilge san áireamh. Déanann an BAI a fheidhmíocht a athbhreithniú i gcomhthéacs na spriocanna sin gach bliain agus tuairiscíonn domsa maidir le haon difríochtaí a thagann chun cinn ina bhfeidhmíocht i gcomórtas lena ngeallúintí agus i gcomórtas le tuarascáil an BAI agus cuirtear mo fhreagra faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ba chóir dom a lua go bhfuil RTÉ, i gcomhréir le hAlt 98 den Acht Craolacháin, 2009 neamhspleách maidir lena chuid cuspóirí a bhaint amach agus nach bhfuil aon ról agamsa ina chuid oibríochtaí laethúla ná ina chuid cinntí cláracha. Dá bhrí sin, ní bheadh sé ceart agamsa tuairim a thabhairt ar ábhar sceideal na gcláracha. Tá súil agam athbhreithniú bliantúil an BAI a fháil ar gheallúintí feidhmíochta 2019 RTÉ sna seachtainí amach romhainn agus tabharfaidh mé aird ach go háirithe ar a chuid tuairimí maidir le geallúintí RTÉ i leith na Gaeilge.
Maidir le stáisiúin eile ábhar Gaeilge a chur ar fáil, faoin Acht Craolacháin 2009, is é an BAI an tÚdarás atá freagrach as stáisiúin raidió neamhspleácha, náisiúnta, áitiúla agus pobail a cheadúnú. Áirítear ceanglas in Alt 66 (2) d'Acht 2009 go dtabharfadh an BAI, nuair atá conradh maidir le craolachán fuaime nó conradh seirbhíse cláracha teilifíse á bhronnadh, aird do:
- líon, cáilíocht, réimse agus cineál na gclár Gaeilge agus méid na gclár a bhaineann le cultúr na hÉireann a bheartaítear a sholáthar agus
- a mhéid a dhéanfaidh an t-iarratasóir, laistigh den tseirbhís craolacháin bheartaithe, deiseanna nua a chruthú le haghaidh daoine a bhfuil buanna acu sa cheol, sa drámaíocht agus sa tsiamsaíocht agus go háirithe i leith chultúr na hÉireann.
Chomh maith leis sin, tá ceanglas in Alt 66 (3) d'Acht 2009 go dtabharfadh an BAI aird ar leith do leanúint den Ghaeilge agus an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga labhartha, nuair atá conradh maidir le craolachán fuaime á bhronnadh i limistéir saincheadúnúcháin a áiríonn ceantar Gaeltachta.