Luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin do Bhord an Údaráis.
Faoi láthair, tá cúigear comhalta a d’ainmnigh na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu ar an mbord. Cinntíonn sé seo go bhfuil bunús daonlathach le bord Údarás na Gaeltachta.
Chomh maith leis sin, roghnaítear seachtar comhalta - bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Cinntíonn an próiseas seo go bhfuil daoine leis an saineolas agus na scileanna cuí á roghnú don chúram – rud atá ar leas an Údaráis agus an phobail ar a dhéanann sé freastal mar fhoras stáit.
Is fiú dom a rá go mbeidh an Bord reatha ann go dtí mí Eanáir 2023 agus go bhfuil an cur chuige reatha mar a bhaineann sé le struchtúr Bord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú go sásúil faoi láthair.
É sin ráite, gealladh sa Chlár Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta agus tá sé mar sprioc agam go gcuirfear tús leis an obair sin chomh luath is féidir.