Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 October 2020

Wednesday, 14 October 2020

Questions (294)

Éamon Ó Cuív

Question:

294. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar na deontais BSC, Greening agus ANC le feirmeoir (sonraí tugtha) do 2020; an chúis leis an moill leis na híocaiochtaí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30532/20]

View answer

Written answers

Chuir an té atá ainmnithe iarratas isteach faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2020 (BPS), faoin Scéim Glasú agus faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) an 16 Aibreán 2020.

Roghnaíodh an t-iarratas d'iniúchadh incháilitheachta ar an talamh. Tá an iniúchadh sin tugtha chun críche anois agus tá an toradh á thabhairt chun críche i láthair na huaire. Ag teacht le hathruithe atá faighte ar Rialacháin AE i mbliana, tá sé socraithe ag mo Roinnse réamhíocaíochtaí a phróiseáil maidir le cásanna a roghnaíodh d'iniúchadh sa chás nach bhfuil an t-iniúchadh tugtha chun críche go fóill agus sa chás nach bhfuil aon earráid eile i gceist leis an gcás.

Maidir leis an scéim ANC, ní mór d'iarratasóirí riachtanais stocála íosta a shásamh mar atá leagtha amach i dtéarmaí agus coinníollacha na scéime chun bheith cáilithe d'íocaíochtaí faoin scéim. Níl na riachtanais stocála íosta sásaithe ag an té atá ainmnithe agus dá bhrí sin níl sé cáilithe d'íocaíocht faoin scéim go fóill.

Tá sé beartaithe tús a chur le réamhíocaíochtaí faoi na scéimeanna BPS 2020 agus Glasú ón 16 Deireadh Fómhair, an dáta is luaithe agus is féidir sin a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán AE.

Top
Share