Tá sé i gceist agam ceisteanna uimhir 96 agus 97 a fhreagairt in éineacht.
Tuigim an obair atá déanta ag TG4 le linn COVID-19 chun foinsí nuachta, oideachais agus faisnéise seirbhíse poiblí a chur ar fáil, ag coinneáil an sceidil mar atá agus á oiriúnú chun freagra a thabhairt ar riachtanais lucht féachana TG4 cé gur bhain dúshláin léiriúcháin leis sin de bharr na srianta sláinte.
I Meán Fómhair 2020, chuir TG4 in iúl don Roinn go raibh €1.9m i gcostais bhreise a tabhaíodh de bharr COVID-19 de dhíth orthu. Tá áthas orm a rá go bhfuil an maoiniú breise €1.9m seo faighte agam agus go gcuirfear ar fáil é sa bhliain 2020.
Ina athbhreithniú ar an maoiniú a dhéantar ar Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí don tréimhse cúig bliana 2018-2022, mhol an BAI an méadú €6 mhilliún in aghaidh na bliana i maoiniú poiblí do TG4 chun bonn taca a chur faoi chláracha breise. Ó shin, tá €2.5m faighte ag TG4 le haghaidh costais clár, ag fágáil iarmhéid €3.5m i moladh an BAI, agus tá maoiniú caipitil breise €1m faighte aige chomh maith.
Comhlíonann an €3.5m breise atá faighte ag TG4 i mBuiséad 2021 moladh an BAI go hiomlán, agus tugann sin maoiniú iomlán TG4 go dtí €40.733m, atá comhdhéanta de €36.733m i maoiniú reatha agus €4m i maoiniú caipitil.