Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 4 November 2020

Wednesday, 4 November 2020

Questions (55)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

55. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cá mhéad folúntas atá ar Bhord Fhoras na Gaeilge. [34064/20]

View answer

Written answers

Is tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh / Theas (CATT) a dhéantar na ceapacháin do Bhord Fhoras na Gaeilge ar bhonn ainmniúchán 50:50 thuaidh agus theas.

Tá naoi bhfolúntas ar Bhord Fhoras na Gaeilge faoi láthair, ceithre cinn le hainmniú ó thuaidh agus cúig cinn ó dheas.

Anois agus tús in athuair le cruinnithe na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas, beifear ag súil na folúntais seo a líonadh gan mhoill.

Top
Share