Skip to main content
Normal View

Polasaí Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 November 2020

Thursday, 19 November 2020

Questions (29)

Peadar Tóibín

Question:

29. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sí sásta go bhfuil cead ag forbrithóirí, eastáit tithe a thógáil i nGaeltachtaí gan aon srian ar iad a dhíol do clann gan Gaeilge; agus an bhfuil sí sásta nach bhfuil aon cosaint dlíthiúil ar ár dteanga dúchasach mar gheall ar forbairt tithe. [31220/20]

View answer

Written answers

Is ceist don Aire Tithíochta í cúrsaí pleanála trí chéile ar an gcéad dul síos ar ndóigh. É sin ráite, faoi Alt 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, is gá d'údaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram teagmháil a dhéanamh le mo Roinn agus le hÚdarás na Gaeltachta chun a dtuairimí a fháil maidir le forbairtí dar leo a d'fhéadfadh cur isteach ar oidhreacht chultúrtha agus teanga na Gaeltachta. Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil scríofa ag mo Roinn chuig na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlinse ar roinnt ócáidí thar na blianta chun a gcuid dualgas maidir leis an nGaeilge a mheabhrú dóibh i gcomhthéacs an Achta.

Ní gá a rá ach go dtapaíonn mo Roinn na deiseanna a dtugtar di le haighneachtaí a sheoladh chuig údaráis phleanála a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúraim maidir le forbairtí tithíochta den chineál atá luaite.

Níos túisce i mbliana, chuir mo Roinn aighneacht chuig an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le hathbhreithniú atá á dhéanamh acu ar na treoirlínte d'údaráis phleanála inar leagadh  béim ar na dúshláin a fheictear a bheith ag baint leis an ábhar seo go ginearálta.

Tuigeann mo Roinn an tábhacht a bhaineann le tionchar teanga a bheith tógtha san áireamh i dtaobh forbairtí tithíochta i gceantar Gaeltachta agus is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag tapú gach deis chun an tábhacht sin a chur ina luí ar na húdaráis cuí cúram a dhéanamh d'fheidhmiú fhorálacha ábhartha an Achta ar leas na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Top
Share