Tá plean teanga Chathair na Gaillimhe curtha faoi bhráid mo Roinne ag Foras na Gaeilge le tamall agus á bhreithniú faoi láthair. Tuigtear dom go bhfuil gá le tuilleadh plé a dhéanamh le páirtithe leasmhara sula mbeifear in ann an plean a chur faoi mo bhráid chun críche faofa agus go bhfuil céimeanna idir lámha chun an plé sin a shocrú gan mhoill.
Ach an Plean a bheith faofa agam faoi réir fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012, rachfar i dteagmháil leis an bhForas chun na socruithe ábhartha a dhéanamh le n-é a chur i bhfeidhm.
Meabhráitear don Teachta go bhfuil fógartha ag mo Roinn cheana féin go bhfuil allúntas suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar fáil ó mo Roinn do chur i bhfeidhm pleananna teanga i mBailte Seirbhíse Gaeltachta, ach amháin i gcás Cathracha Chorcaí agus na Gaillimhe, áit a mbeidh allúntais suas le €100,000 ar fáil.