Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 November 2020

Thursday, 19 November 2020

Questions (60)

Pearse Doherty

Question:

60. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi aon phlean ag an Roinn faoi láthair maidir le colaistí samhraidh sa Ghaeltacht i 2021; an bhfuil maoiniú curtha ar leathtaobh do mná agus fir tí muna bhfuil na cúrsaí sin a reachtail mar gheall ar Covid-19; an bhfuil an Aire sásta cinnteacht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a bhíonn ag brath ar na cúrsaí seo go mbeidh cúiteamh ar fáil daofa muna dtéann na cúrsaí ar aghaidh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37336/20]

View answer

Written answers

Aithníonn an Roinn gur tréimhse dhúshlánach í seo do phobal na tíre trí chéile agus go bhfuil tionchar á imirt ag COVID-19 ar gach éinne.

Mar is eol don Teachta, chuir mo Roinn ciste éigeandála ar fáil i mbliana chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht

Faoin gciste cobhsaithe, íocadh thart ar €2.7m le húdaráis na gcoláistí le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí, agus íocadh thart ar €1.6m leis an 700 teaghlach Gaeltachta atá cláraithe faoi scéim na Roinne.

Maidir leis an tréimhse seo romhainn, tá sé idir dhá cheann na meá an mbeifear in ann dul ar aghaidh le cúrsaí an bhliain seo chugainn. Níl aon duine againn in ann a bheith cinnte, áfach, faoina bhfuil i ndán.

Ní gá a rá go leanfaidh mé féin agus mo Roinn ag coinneáil rudaí faoi bhreithniú i rith an ama agus rachaimid i gcomhairle arís de réir mar is gá le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an Roinn Oideachais, na húdaráis sláinte agus scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, CONCOS, ach go háirithe.

Question No. 61 answered with Question No. 8.
Top
Share