Skip to main content
Normal View

Craoltóirí Seirbhíse Poiblí

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 November 2020

Thursday, 19 November 2020

Questions (63)

Éamon Ó Cuív

Question:

63. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén méid airgid a cuireadh ar fáil do TG4 ón státchiste i mbliana; cén méid atá le cur ar fáil an bhliain seo chugainn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36563/20]

View answer

Written answers

Cuimsítear an Cultúr, na Meáin agus an Ghaeltacht sa réimse oibre atá faoi mo chúraim mar Aire.  Tá an-mheas agam, mar sin, ar ról TG4 i dtaobh tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Chultúr.  Mar chraoltóir foilsitheora, cuireann TG4 tacaíocht ríthábhachtach ar fáil don earnáil neamhspleách léiriúcháin, go mór mór i gceantair Ghaeltachta. Bhí lúchair orm cruinniú a bheith agam leis an gCathaoirleach agus leis an bhfoireann fheidhmiúcháin le déanaí, uair a cuireadh ar an eolas mé faoina gcuid straitéisí agus táim ag súil le bheith ag obair leo.

Is beagnach go hiomlán ón Státchiste atá TG4 á mhaoiniú, anuas ar roinnt ioncam ó ghníomhaíochtaí tráchtála.  Is ionann an leithroinnt Státchiste do TG4 agus €37.2m in 2020, comhdhéanta de €34.2m in airgead reatha agus €3m in airgead caipitil.  Bhí áthas orm maoiniú breise €1.9m a chur ar fáil in 2020 i leith costas a thit ar an stáisiún de bharr Covid-19, ar mhaithe le cláir thábhachtacha ar nós Cúla4 ar Scoil a chraoladh.

Bhí áthas orm chomh maith €3.5m i maoiniú breise a fháil don bhliain 2021 rud a fhágfaidh gurb ionann €40.7m an maoiniú iomlán ón Státchiste do 2021, rud a chinntíonn go bhfuil moladh Údarás Craoltóireachta na hÉireann ina athbhreithniú 5-bliana maidir le maoiniú don tréimhse 2018-2022 go gcuirfí €6m breise ar fáil don stáisiún curtha go hiomlán i bhfeidhm.  Anuas air sin, beidh fáil ag an stáisiún ar bheagnach €1m i maoiniú caipitil breise atá riachtanach chun a cinntiú go bhfuil an teicneolaíocht agus an bonneagar cuí ag TG4 chun ábhar craolta a sheachadadh ar a lucht féachana.

Top
Share