Faoin gCiste Atosaithe agus Athnuachana Spóirt, leithroinneadh breis is €1.9 milliún ar 1,637 club ar fud na tíre mar chuid de scéimeanna maidir le deontais bheaga a chuireann Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt i bhfeidhm. Cuireann na scéimeanna seo meicníocht bhreise ar fáil chun tacú le grúpaí agus clubanna pobail a bhféadfadh sé nach bhfuil aon bhaint acu le heagraíocht náisiúnta ná le Comhlachtaí Náisiúnta Rialachais aitheanta ach go gcuireann siad seirbhís ríthábhachtach áitiúil ar fáil. Is í an bhunaidhm atá leis na deontais ná na costais a bhaineann le prótacail sláinteachais agus scartha sóisialta Covid-19 a chur i bhfeidhm a chlúdach. Tá an scéim deontais clubanna leagtha amach chun tacú le filleadh ar ghníomhaíochtaí spóirt agus sin amháin agus chuige sin. Tá briseadh síos ar na suimeanna a leithroinn Spórt Éireann ar na LSPanna le fáil ar láithreán gréasáin Spórt Éireann ag https://www.sportireland.ie/sites/default/files/media/document/2020-11/sport-ireland-covid-19-funding-annoucement-breakdown.pdf
De bharr go bhfuil an scéim seo maoinithe ag Spórt Éireann agus á cur i bhfeidhm ag na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt, táim ag socrú go gcuirfidh Spórt Éireann freagra díreach chuig an Teacht maidir leis an gclub sonrach a luadh.