Tuesday, 24 November 2020

Questions (77)

Éamon Ó Cuív

Question:

77. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an bhfuil i gceist aige cur i ngníomh an dlí maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a phlé leis na Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin ó na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina gceantair feidhme; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38361/20]

View answer

Written answers (Question to Housing)

Tá bonn reachtúil le cur i bhfeidhm leanúnach an phróisis phleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012, arb é an príomhspreagadh é chun tacú leis an dtiomantas i leith na gcuspóirí atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 go 2030.

Aithnítear é seo sa Chreat Pleanála Náisiúnta (NPF), a thagraíonn d’ullmhúchán agus do chur i bhfeidhm pleananna teanga ag leibhéal an phobail. Tacaíonn Cuspóir 29 den NPF “le pleananna teanga a chur i bhfeidhm i Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge”.

At leithligh, leagtar amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú, cuspóirí éigeantacha d’údaráis áitiúla, nach mór aghaidh a thabhairt orthu i ndréachtú a bPlean Forbartha Contae a rialaíonn beartais forbartha áitiúla. Cuimsíonn Alt 10(2) den Acht um Pleanáil agus Forbairt ceanglas, i gcás go bhfuil limistéar Gaeltachta laistigh de chríoch an údaráis phleanála, go gcaithfidh forálacha agus cuspóirí a bheith san áireamh sa phlean forbartha ar mhaithe le “oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail”.

Chun treoir bhreise a sholáthar maidir le beartais chuí a ullmhú, chuir mo Roinn ‘Pleananna Forbartha, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála,’ le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an gcuspóir éigeantach seo den Acht um Pleanáil agus Forbairt. Tagraíonn na treoirlínte seo d’oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha agus do riachtanais an phobail i dtéarmaí úsáide talún le haghaidh tithíochta, áiseanna pobail, fostaíocht, turasóireacht agus dearadh, lena n-áirítear fógraíocht agus comharthaíocht.

D’fhéadfadh pleananna forbartha aonair iachall a chur ar iarrthóirí ar chead pleanála sonraí nó eolas áirithe a chur isteach le dul le tairiscintí forbartha i gceantair Ghaeltachta, ar nós measúnuithe ar thionchar teanga na forbartha beartaithe, d’fhonn go ndéanfar é a mheas i gcoinne beartais ábhartha an phlean forbartha.

Ó Aibreán 2019, déanann Oifig an Rialtóra Pleanála (OPR) measúnú ar gach plean forbartha údaráis áitiúil agus plean ceantair áitiúil. Cuimsíonn ról maoirseachta an OPR comhsheasmhacht a chinntiú le beartais náisiúnta nó réigiúnacha ábhartha, lena n-áirítear iad siúd atá leagtha amach san NPF agus aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí éigeantacha ábhartha go léir do Phleananna Forbartha Contae atá leagtha amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, lena n-áirítear soláthar cuspóirí a bhaineann go sonrach leis an nGaeltacht, nuair is gá.

D’fhéadfadh go n-áireofaí i bhfeidhmeanna reachtúla seo an OPR moladh don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ordú a thabhairt sa deireadh d’údarás pleanála plean reachtúil a leasú nó a chúlghairm, faoi nósanna imeachta a leagtar amach in Alt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000. Cuimsíonn cúinsí den sórt sin nuair a theipeann ar údaráis áitiúla glacadh le beartais a léiríonn seasamh foriomlán an bheartais náisiúnta nó nuair a sháraítear na ceanglais reachtúla faoi Alt 10 den Acht.

Maidir le haon chás ar leith a bhféadfadh údarás pleanála nó An Bord Pleanála a bheith bainteach leis m.sh. breithniú ar aon iarratas pleanála, táim faoi réir srianta maidir le haon chumhacht nó smacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trácht nó ráitis a dhéanamh, faoi Alt 30 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000. Áirítear leis seo inniúlacht, nó eile, daoine aonair chun doiciméadúchán nó pleananna ábhartha a ullmhú mar chuid de phróiseas pleanála.

Mar sin féin, is féidir liom a chur in iúl go ginearálta go gcaithfidh údarás pleanála fógra a thabhairt don Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta) agus Údarás na Gaeltachta, chun a dtuairimí a lorg maidir le hiarratais ar phleanáil d’fhorbairtí a d’fhéadfadh, i dtuairim an údaráis “tionchar ábhartha a bheith acu ar oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta, lena n-áirítear cur chun cinn na Gaeilge mar theanga an phobail” de réir Airteagail 28 de Rialacháin Phleanála agus Fhorbartha (arna leasú).

Is ceist don údarás pleanála ábhartha nó don Bhord Pleanála sa deireadh an cinneadh cead pleanála a dheonú nó a dhiúltiú i gcásanna den sórt sin, agus coinníollacha a shannadh, lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le teanga nuair is cuí, le cead pleanála a dheonú. Cuimsíonn sé seo tairiscintí forbartha ar nós eastáit thithíochta nó tithe saoire. Táim muiníneach go bhfuil na húdaráis ar an eolas go hiomlán faoina bhfreagrachtaí maidir le coinníollacha a shannadh do chead pleanála agus níl sé i gceist agam ciorclán a eisiúint ag an am seo.

Táim den tuairim agus mé ag smaoineamh ar na cúinsí spásúla agus teangeolaíochta uathúla a bhaineann le gach ceann dár gceantair Ghaeltachta, le héagsúlacht áitiúil idir pobail agus na comhthéacsanna ina labhartar Gaeilge, gurb iad na húdaráis phleanála ábhartha an dream is fearr chun an creat reachtaíochta, beartais agus treorach a chur i bhfeidhm mar atá leagtha amach thuas. Táim sásta chomh maith go bhfuil meicníochtaí agus cosaintí maoirseachta pleanála cuí i bhfeidhm, lena n-áirítear Oifig an Rialtóra Pleanála agus An Bord Pleanála.

Mar sin féin, d’ardaigh roinnt grúpaí Gaeilge, lena n-áirítear Conradh na Gaeilge, na hábhair seo liom agus bhuail mé go déanaí le Conradh na Gaeilge chun a n-imní a phlé. Tá breithniú á dheanamh agam ar a gcuid tairiscintí faoi láthair.