Níl aon phoist i mo Roinn i láthair na huaire a éilíonn go sonrach inniúlacht sa Ghaeilge. Coinnítear, áfach, an cás faoi léirmheas mar chuid den phróiseas Pleanála d’Fhórsa Oibre.
Tá an deis ann d’fhoireann iomlán na Roinne a gcuid cumas sa Ghaeilge a fheabhsú agus cuirtear oiliúint teanga ar fáil ag roinnt leibhéil éagsúla. Lorgaíonn mo Roinn go rialta daoine i measc na foirne a bheadh sásta seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge nuair a bhíonn gá leis. Tá na baill foirne seo liostaithe ar shuíomh inlíon na Roinne. Tá 15 ball faoi láthair leis an gcumas seo ach táthar ag déanamh athbhreithniú ar seo i ndiaidh na haistrithe feidhmeanna agus foirne oidhreachta chuig mo Roinn le gairid.
Is é líon iomlán na bhfostaithe i mo Roinn ag deireadh Mhí na Samhna ná 1,269.