Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Questions (164)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

164. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cosanta sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [44168/20]

View answer

Written answers

Níl aon phoist sa Roinn Cosanta go bhfuil an Ghaeilge riachtanach. Faoi láthair fostaíonn an Roinn ar thimpeall 358 státseirbhísí agus 454 fostaí sibhialta. Tá 15 fostaí a bhfuil in ann seirbhís a thabhairt trí Gaeilge. Ar an iomlán, bhí 233,868 fiosrú nó idirghníomhú le glaoiteoirí in 2018. Bhí 4 díobh seo as Gaeilge.

Top
Share