Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Questions (331)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

331. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte sainiú a dhéanamh ar na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aige chun iad a réiteach. [43896/20]

View answer

Written answers

Ní riarann an Roinn Sláinte seirbhísí sláinte i gceantair Ghaeltachta, mar is é seo freagracht reachtúil an FSS. Dá réir sin d'iarr mo Roinn ar an FSS freagra díreach a thabhairt don ionadaí faoi na saincheisteanna a ardaíodh.

Top
Share