Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Questions (34)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

34. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den an Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [43861/20]

View answer

Written answers

Tháinig 3ú Scéim Teanga mo Roinne don tréimhse 2019-2022 i bhfeidhm ar an 18 Feabhra 2019. Ullmhaíodh an Scéim de réir forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus bhí sí ceadaithe ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Leagann an Scéim amach a mhéid is atá na seirbhísí ar fáil faoi láthair trí Ghaeilge i mo Roinn, athníonn sí na réimsí gur féidir iad a fheabhsú don todhchaí agus pleananna chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Críochnaíodh an Dara Céim do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 sa Dáil ar 8 Deireadh Fómhair. Is é príomhchuspóir an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí phoiblí trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa tseirbhís phoiblí a mheadú. Tá tacaíocht an Rialtais faighte roinnt leasuithe a mholadh a láidróidh an Bille. Tá an Rialtas tiomanta an Bhille a bhrú ar aghaidh a luaithe agus is féidir. Beidh Céim an Choiste ag tosú ar an 20 Eanáir.

Ceadaíonn an Bille Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú d’fhonn soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Bunófar an Coiste Comhairleach tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Beidh an Plean Náisiúnta ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe. Déanfar tuairisciú rialta ar an dul chun cinn trí tuairisc gach dara bliain ón Choiste Chomhairligh, a bheidh le cur chuig an Aire, an Coimisinéir Teanga agus le leagan os comhair na Tithe. Tabharfaidh sé seo leibhéal trédhearcacht d’obair an stáit chun soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú.

Top
Share