Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Questions (377, 379)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

377. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [44161/20]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

379. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail sainiú a dhéanamh ar na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aici chun iad a réiteach. [44163/20]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 377 and 379 together.

Tugann mo Roinn tosaíocht an-láidir do sheirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge. Cuireadh tús leis an chéad Scéim Teanga de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail ar 8 Aibreán 2019. Ullmhaíodh í de réir na dTreoirlínte a leagtar amach faoi Alt 12 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Beidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana nó go dtí go ndeimhneofar scéim nua, cibé acu is déanaí. Tá geallatanais sa Scéim go leanfar de fhreagairt do gach comhfhreagras i scríbhinn (litreacha agus ríomhphoist) sa teanga ina fuarthas é. Sa chás gur mian le duine a ghnó a dhéanamh i nGaeilge ar an teileafón, cinnteoidh an Roinn go mbeidh oifigeach sa Roinn ar fáil chun an tseirbhís sin a chur ar fáil, nuair is gá. Thar shaolré na Scéime, déanfaidh Preasoifig na Roinne, 20% dá preasráitis a eisiúint i nGaeilge agus i mBéarla araon (go comhuaineach). Tá an Roinn tiomanta na seirbhísí is fearr is féidir a chur ar fáil dá custaiméirí trí Ghaeilge.

Agus Rannóg na n-Oileán faoi chúram na Roinne anois, tuigim an tábhacht a bhaineann le seirbhísí faoi riar na Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta ach go háirithe. Cuireann Rannóg na n-Oileán, atá lonnaithe sa Ghaeltacht, seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Leanfaidh an Roinn de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal de réir mar is gá.

Top
Share