Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Questions (55)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

55. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [43865/20]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn tiomanta do sheirbhís a sholáthar i nGaeilge agus a ndualgais reachtúla faoi Act na dTeangacha Oifigúla 2003 a chomhlíonadh. Tá 415 ball foirne fostaithe i mo Roinn ina n-áirítear deichniúr a bhfuil cumas Gaeilge acu. Tá ról amháin aitheanta le riachtanas Gaeilge. Is é sin an tOifigeach Gaeilge atá lonnaithe sa Rannán Cumarsáide agus na Meán.

My Department is committed to providing a service in Irish and meeting its statutory obligations under the Official Languages Act 2003.

The total number of staff employed in my Department is 415 of which 10 have Irish language ability. There is one role identified as having an Irish language requirement, which is the Irish Language Officer assigned to the Communications & Media Relations Division.

Top
Share