Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Questions (84)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

84. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair cad iad na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aige chun iad a réiteach. [44166/20]

View answer

Written answers

De réir phrionsabail na seirbhíse ardchaighdeáin do chustaiméirí, tá mo Roinn tiomanta go hiomlán do sheirbhís den chaighdeán is airde a sholáthar dá custaiméirí go léir i ngach réimse den tír agus caitheamh go cothrom lena custaiméirí go léir. Tá nasc le Cairt Chustaiméirí 2020 - 2022 mo Roinne ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/organisation-information/e2e32b-customer-service-charter/

Mar is eol duit, tá tiomantais ag mo Roinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a bhfuil rún daingean aici a chomhlíonadh. Leagtar amach san Acht dualgais chomhlachtaí na hearnála poiblí maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad i nGaeilge agus cearta bhaill an phobail leas a bhaint as na seirbhísí seo. Déanann Aonad na Gaeilge i mo Roinn monatóireacht ar sholáthar agus éileamh ar sheirbhísí Gaeilge ar fud gach réimse den Roinn ar bhonn tréimhsiúil. Tuairiscíonn an tAonad ar dhul chun cinn don Bhord Bainistíochta gach 6 mhí maidir le comhlíonadh na Rannán le tiomantais Scéim Teanga mo Roinne agus maidir leis an éileamh ar sheirbhísí Gaeilge.

Tá an Roinn tiomanta gach iarracht a dhéanamh freastal ar chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá nasc le Beartas Gaeilge na Roinne ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/organisation-information/f2f855-irish-language-policy/

Ar bhonn níos leithne, tuigim go bhfuil reachtaíocht á thabhairt ag mo chomhghleacaí, an tAire TCAGSM tríd an Oireachtas, arb é a bpríomhchuspóir soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa tSeirbhís Phoiblí a mhéadú. Tacaíonn an Rialtas le hachtú an reachtaíochta seo a luaithe is féidir.

Top
Share