Skip to main content
Normal View

Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 January 2021

Wednesday, 13 January 2021

Questions (280)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

280. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é an tuairim atá aige maidir leis an ráiteas a rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, go bhfuil struchtúr Bhord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú go sásúil, go háirithe sa chomhthéacs inar thug sé féin gealltanas go gcuirfeadh sé toghcháin Údarás na Gaeltachta ar bun arís nuair a bheadh sé ina Thaoiseach; an bhfuil sé fós i gceist aige an gealltanas a thug sé a chomhlíonadh agus toghcháin Údarás na Gaeltachta a chur ar bun arís agus é ina Thaoiseach anois; agus cén tráth faoina mbeidh an gealltanas sin comhlíonta (sonraí tugtha). [44699/20]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis.

Faoin socrú reatha agus faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord.  Faoi réir an Achta, agus i gcomhréir le cleachtais choitianta i ndáil le boird stáit, roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. 

Tá sé mar sprioc agam go gcuirfear tús le hathbhreithniú faoi réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais chomh luath agus is féidir agus tá obair ina leith idir lámha chuige sin.

Top
Share