Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 January 2021

Wednesday, 27 January 2021

Questions (943, 944)

Catherine Connolly

Question:

943. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cad é an líon laethanta in 2019 agus 2020 faoi seach a raibh moill ar sheoltaí an bháid farantóireachta Queen of Aran idir Toraigh agus tír mór, idir dhul amach agus teacht isteach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4329/21]

View answer

Catherine Connolly

Question:

944. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cad é an líon laethanta in 2019 agus 2020 faoi seach a raibh seoladh beartaithe ag Queen of Aran ach nár tharla an seoladh mar gheall ar dhrochaimsir; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4330/21]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 943 and 944 together.

Tá sé de fhreagracht ar an comhlacht farantóireachta cinntiú i gcónaí go bhfuil sé sábháilte taisteal ón mórthír go dtí an oileán agus ar ais. Caithfear sábháilteacht na paisinéirí agus criú a bheith chun cinn ar gach rud eile.

Ó am go chéile, is gá cinneadh a ghlacadh leasú a dhéanamh ar an amchlár atá leaghta síos de bharr aimsir nó cúrsaí taoide. Nuair a dhéantar é seo téann an comhlacht i dteagmáil le muintir an phobail le é seo a chuir in iúil dóibh.

I 2019 bhí moill ar sheoltaí ar 32 lá agus i 2020 bhí moill ar sheoltaí ar lá amháin. I 2019 níor sheol an ‘Queen of Aran’ ar 53 lá, de bharr droch aimsir.

I 2020 níor sheol an 'Queen of Aran' ar 62 lá de bharr droch aimsir.

Top
Share