Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 4 February 2021

Thursday, 4 February 2021

Questions (119, 120)

Éamon Ó Cuív

Question:

119. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén dul chun cinn a dhéanfar ar an bpleanáil don Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge in 2021, bunaithe ar fhreagra ar cheist pharlaiminteach a fuair mé le déanaí (sonraí tugtha); cén uair a thosófar ar an bpleanáil sin; an mbeidh dul i gcomhairle poiblí ann i mbliana faoi dhréacht-pholasaí oideachais don earnáil seo; an mbeidh sí ag déanamh ráiteas faoin gcur chuige a bhainfidh leis an bpróiseas seo go luath; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6244/21]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

120. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais ós rud é go bhfuil an phleanáil don Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge le tosú in 2021, an bhfuil sé i gceist aici an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge a bheith mar chuid de Ráiteas Straitéise na Roinne Oideachais, 2021-2023; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6249/21]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 119 and 120 together.

PQ 6244/21

Chun a fhiafraí den Aire Oideachais cén dul chun cinn a dhéanfar ar an bpleanáil don Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge in 2021, bunaithe ar fhreagra ar cheist pharlaiminteach a fuair mé le déanaí (sonraí tugtha); cén uair a thosófar ar an bpleanáil sin; an mbeidh dul i gcomhairle poiblí ann i mbliana faoi dhréacht-pholasaí oideachais don earnáil seo; an mbeidh sí ag déanamh ráiteas faoin gcur chuige a bhainfidh leis.

To ask the Minister for Education, in light of the answer to a parliamentary question I received recently (details provided), what progress will be made in 2021 on planning for an All-Irish Education Policy; when will this plan commence; will there be a consultation process on a draft education policy for this sector and if she will be making a statement in relation to the approach that will be adopted.

PQ 6244/21 

Chun a fhiafraí den Aire Oideachais ós rud é go bhfuil an phleanáil don Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge le tosú in 2021, an bhfuil sé i gceist aici an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge a bheith mar chuid de Ráiteas Straitéise na Roinne Oideachais, 2021-2023; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh.

To ask the Minister for Education, as planning for the All-Irish Education Policy will commence in 2021, does she intend that the All-Irish Education Policy will be included in the Department of Education Strategy Statement 2021-2023; and if she will make a statement on the matter.

FREAGRA (PQ 6244/21 and PQ 6249/21)

I gcomhthéacs chur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain an Rialtais don Ghaeilge 2010-2030, tá dul chun cinn suntasach déanta ag mo Roinn ar chur i bhfeidhm réimse leathan gníomhartha an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 agus leanfar leis an obair thábhachtach seo chun a chinntiú go bhfuil oideachas ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Leanfar le cur i bhfeidhm leanúnach an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus le hobair eile a bhaineann le polasaí ar an oideachas Gaeilge a chur chun cinn i gcomhthéacs na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge agus Ráiteas Straitéise 2021-23 mo Roinn-se a fhoilseofar go luath.  Beidh próiseas comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara mar chuid den phróiseas agus úsáidfear é mar bhonn eolais d’fhorbairt an pholasaí.

ANSWER  (PQ 6244/21 and PQ 6249/21) 

In the context of the implementation of the Government’s 20-year Strategy for the Irish Language 2010-2030, my Department has made significant progress in implementing the wide range of actions in the Policy on Gaeltacht Education 2017-2022 and this important work is continuing to ensure the availability of high quality Irish-medium education for Gaeltacht communities.

The ongoing implementation of the Policy on Gaeltacht Education and other work relating to the development of policy on Irish language education will be progressed in the context of the 20-Year Strategy for the Irish Language and the Strategy Statement 2021-23 for my Department, which I hope to publish soon. A consultation process with stakeholders will be part of the process and will be used to inform the development of the policy. 

Top
Share