Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 4 February 2021

Thursday, 4 February 2021

Questions (258)

Éamon Ó Cuív

Question:

258. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a bheidh an chéad chlár caipitil d’fhorbairtí ar na calafoirt iascaigh eile á réiteach agus á fhoilsiú; agus cé mhéad bliain a chlúdófar leis an gclár seo; cén uair a tháinig deireadh leis an gclár deiridh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6198/21]

View answer

Written answers

Tá sé Lárionad Cuain Iascaigh ainmnithe faoi úinéireacht an Stáit, suite i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, an Dún Mór Thoir, Binn Éadair, na Cealla Beaga agus Ros an Mhíl, faoi úinéireacht ag mo Roinnse agus déanann an Roinn iad a chothabháil agus a chur i bhfeidhm, faoi reacht. Ina theannta sin, tá mo Roinnse freagrach as cúram agus cothabháil Chuan Trá Chiaráin ar Chléire, chomh maith le cothabháil líon beag céanna, soilse agus rabhchán ar leith ar fud na hÉireann, i gcomhréir leis an acht Muiroibreacha (Éire) 1902 chomh maith le céanna, soilse agus rabhcháin a thógtar faoi choimirce Bhord na gCeantar Cúng.

Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil do na Lárionaid Chuain Iascaigh faoin gClár Forbartha Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta. Tá €140 milliún infheistithe sa bhonneagar faoi úinéireacht na Roinne seo ón mbliain 2010.

Is ar gach Údarás Áitiúil, ar an gcéad ásc, atá an fhreagracht maidir le céanna, cuanta agus fánáin, atá faoi úinéireacht an Údaráis Áitiúil, a fhorbairt agus a chothabháil, agus ar a Máthair-Roinn, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, atá sé ina dhiaidh sin.

Mar chuid den Chlár Bliantúil Forbartha Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta áfach, tá maoiniú teoranta curtha ar fáil ag mo Roinnse chun tacú le hÚdaráis Áitiúla le cósta tionscadail ar scála beag a chur i gcrích maidir le céanna, cuanta agus fánáin faoina n-úinéireacht a fhorbairt agus a dheisiú. Tá breis is €31 milliún i maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinnse ón mbliain 2010 faoin scéim seo.

Tá €30 milliún leithdháilte ar Chlár Forbartha Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta 2021 mo Roinne. Níl aon chinneadh deiridh déanta i dtaobh chomhdhéanamh Chlár 2021, ach tá súil agam fógra a dhéanamh ina leith go luath.

Top
Share