Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 4 February 2021

Thursday, 4 February 2021

Questions (260)

Éamon Ó Cuív

Question:

260. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair atá sé i gceist ag a Roinn comharthaí a chur suas agus an ché a mharcáil le péint bhuí ag treorú paisinéirí maidir leis na coinníollacha sláinte poiblí a bhaineann le scaradh sóisialta ag an gcalafort paisinéirí i Ros a Mhíl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6203/21]

View answer

Written answers

Tá Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl ar cheann de shé Lárionad Cuain Iascaigh atá faoi úinéireacht na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi reacht agus atá á oibriú agus á chothabháil ag an Roinn.

Cé gur cuan iascaigh gníomhach atá i Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl sa chéad dul síos is é an príomhbhealach chuig Oileáin Árann é chomh maith.  Tá pointe bordála breá ann do mhuintir Árann agus do lucht turasóireachta na n-oileán a chuireann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil agus le sábháilteacht na ndaoine a bhaineann úsáid as Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl.

Táim sásta go bhfuil na socruithe atá i bhfeidhm ag an teirminéal farantóireachta láidir agus eolach go huile agus go hiomlán ar threoirlínte Sláinte Poiblí agus an gá atá ann an pobal a choinneáil slán agus feasach araon maidir leis na riachtanais. Ar na socruithe sin tá, comharthaí móra ag an trí phontún, córas aontreo a fhágann go bhfuil paisinéirí in ann imeacht den bhád i dtosach, go bhfuil na paisinéirí atá ag fanacht le dul ar bord á dhéanamh sin i scuaine atá ag cloí leis an scaradh sóisialta, scuaine atá leagtha amach le cóin a bhfuil 2.5m eatarthu agus tá díghalrán lámh ar fáil chomh maith.

Tá a bprótacail agus comharthaíocht féin ag an gcuideachta farantóireachta chomh maith anuas ar na bearta seo.

Top
Share