Skip to main content
Normal View

Cruinnithe an Aire

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 10 February 2021

Wednesday, 10 February 2021

Questions (281)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

281. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar labhair sí nó an tAire Stáit riamh leis an Aire Sláinte faoin ndroch-thionchar a bhí agus atá ag ráig Covid-19 ar phobal na Gaeltachta, agus an ndéanfaidh sí sonraí a thabhairt dúinn faoi aon chruinniú nó comhrá faoin méid sin. [7271/21]

View answer

Written answers

Is rí-mhinic a bhíonn plé ag bord an Rialtais maidir le cúrsaí COVID-19 agus an tionchar atá aige ar phobal na hÉireann i gcoitinne, pobal na Gaeltachta san áireamh.

Aithníonn an Rialtas gur tréimhse dhúshlánach í seo do phobal na tíre trí chéile agus go bhfuil tionchar á imirt ag COVID-19 ar gach éinne.

Mar is eol don Teachta, tá roinnt tacaíochtaí curtha ar fáil ag mo Roinn ó thús na paindéime chun cuidiú leis na hearnálacha a thagann faoi scáth na Roinne.

Cuireadh ciste éigeandála ar fáil an samhradh seo caite chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht. Faoin gciste cobhsaithe, íocadh thart ar €2.7m le húdaráis na gcoláistí le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí, agus íocadh thart ar €1.6m leis an 700 teaghlach Gaeltachta atá cláraithe faoi scéim na Roinne.

Maidir leis an tréimhse seo romhainn, tá sé idir dhá cheann na meá an mbeifear in ann dul ar aghaidh le cúrsaí an samhradh seo. Chuige sin, tá go leor oibre ar bun ag mo Roinn in éineacht le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an Roinn Oideachais, na húdaráis sláinte agus scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, CONCOS, chun treoirlínte COVID-19 a ullhmú do na coláistí samhraidh.

Mar is eol don Teachta, fógraíodh €14.8m breise d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta sa cháinaisnéis don bhliain seo agus ciallaíonn sé sin go bhfuil maoiniú iomlán d'os cionn €78m ar fáil anois d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2021.

Leis an gcistíocht bhreise seo, beidh mo Roinn féin, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta in ann níos mó airgid a dháileadh ar ghrúpaí pobail ar fud an oileáin a bhfuil obair den scoth ar bun acu ar son na teanga.

Chomh maith leis sin, cheadaigh an Rialtas maoiniú breise don Roinn seo mar chuid den Phlean Spreagtha Post i mí Iúil 2020, ina raibh soláthar caipitil €8m breise d'Údarás na Gaeltachta in 2020 chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar chórais chóireála uisce.

Tá measúnacht déanta ag mo Roinn ar thionchar an Bhreatimeachta agus COVID-19 ar Údarás na Gaeltachta agus ar a chliantchuideachtaí. Chuige sin, tá maoiniú breise €8.1m san iomlán ceadaithe d'Údarás na Gaeltachta in 2021 mar seo a leanas:

- €4.45m breise in airgead caipitil á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun fostaíochta a chruthú agus chun cliaint-chomhlachtaí an Údaráis a chosaint ón mBreatimeacht agus ón bpaindéim;

- beagnach €3m eile á chur isteach i mbuiséad riaracháin an Údaráis. Saoróidh sé seo airgead a ghinneann an tÚdarás óna chuid acmhainní féin le caitheamh ar obair fhorbartha pobail agus teanga agus ar chothabháil maoine, rud atá éilithe ag an eagraíocht le blianta beaga anuas.

- allúntas breise de €700,000 a chur ar fáil don Údarás le cur i dtreo obair na gcomharchumann Ghaeltachta agus forbairt óige, luathbhlianta agus na n-ealaíon sa Ghaeltacht de réir mar a aithnítear na tosaíochtaí.

Maidir leis an gcistíocht bhreise do mo Roinn féin, lena n-áirítear an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga, mar aon leis an bpróiseas pleanála teanga agus Foras na Gaeilge, tá airgead ceadaithe mar seo a leanas:

- beagnach €2.4m breise á chur isteach i Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne.

- beagnach €1.8m breise á chur isteach i gcomhoibriú thuaidh-theas a thabharfaidh an chéad ardú san allúntas d’Fhoras na Gaeilge ó 2016; agus,

- €1.3m breise ar fáil don phróiseas pleanála teanga chun tacú leis na pobail éagsúla taobh istigh agus taobh amuigh den Gaeltacht a gcuid pleananna a chur i bhfeidhm agus a ullmhú de réir mar a bhaineann, chomh maith le roinnt bearta ar leas an phróisis a mhaoiniú ar bhonn lárnach.

Is fiú a nótáil chomh maith go bhfuil €3.5m breise ó allúntas na Roinne do na Meáin ag dul go TG4, rud a chuirfidh go mór le cur i bhfeidhm ghealltanais atá sonraithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Anuas air seo uile, tá cliaint-chomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta agus comhlachtaí Gaeltachta i gcoitinne in ann tairbhe a bhaint as bearta náisiúnta eile chun dul i ngleic leis an mBreatimeacht agus COVID-19. San áireamh leis seo, mar a fógraíodh sa Bhuiséad, tá an Ciste Tacaíochta um Shrianta COVID-19.

Top
Share