Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 February 2021

Thursday, 11 February 2021

Questions (151, 152)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

151. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais an bhfuil aon soiléiriú ann faoi chinneadh an Aire sa Dáil deiridh cás eisceachtúil agus píolótach a dhéanamh maidir le Gaelscoileanna Uíbh Ráthaigh agus lena líon daltaí mar chosaint don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar feadh achar ama áirithe. [7660/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

152. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cad iad na céimeanna a ghlacfaidh sí chun Gaelscolaíocht a chosaint ó dhúnadh scoileanna i gceantair iargúlta toisc líon na ndaltaí a bheith ag laghdú; agus an dtuigeann sí an cás ar leith a bhíonn sa Ghaeltacht má dhruidtear scoil Ghaeilge agus go mbeadh daltaí Gaeilge brúite isteach i scoileanna Béarla má tharlaíonn sin. [7661/21]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 151 agus 152 le chéile.

Is í príomhaidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, de chuid na Roinne Oideachais, ná tacú le húsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus í a chothú trí sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta. Ó cuireadh tús le feidhmiú an Pholasaí in 2017, tá maoiniú thart ar €14m curtha ar fáil do roinnt ghníomhartha chun tacú le soláthar oideachais ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. I measc na ngníomhartha sin, áirítear seoladh na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a chuireann acmhainní spriocdhírithe breise ar fáil do scoileanna atá lonnaithe i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta chun tacú leo leis an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a fheabhsú.

Faoi láthair tá 105 bunscoil agus 29 iar-bhunscoil Ghaeltachta sa Scéim ag fáil uaireanta breise do thacaíocht na Gaeilge, forbairt ghairmiúil leanúnach breise atá á cur ar fáil ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), deontas bliantúil de €1200 d’ábhair teagaisc trí mheán na Gaeilge a cheannach agus cuairteanna comhairleacha breise cigireachta. Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, tugadh an deis do scoileanna páirt a ghlacadh sa tionscadal píolótach ríomh-mhoil, a bhaineann leas as soláthar foghlama cumaisc ar líne chun cur leis an raon ábhar atá ar fáil trí mheán na Gaeilge do scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tugadh deis d'iar-bhunscoileanna roghnaithe, páirt a ghlacadh sa chlár Forás, a thugann tacaíocht teanga bhreise do scoláirí na Sraithe Sóisearaí.

Tá pacáiste acmhainní ar leith, sa bhreis ar na tacaíochtaí atá ar fáil faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, á cur ar fáil do na hiar-bhunscoileanna atá lonnaithe ar na hoileán chomh maith de bharr na ndúshlán ar leith a bhíonn acu agus an tábhacht a bhaineann leis na scoileanna seo do bheogacht agus do chaomhnú phobail na n-oileán. Áirítear leithdháileadh breise múinteora agus buiséad imfhálaithe €15,000 breise in aghaidh na bliana do gach iar-bhunscoil ar na hoileáin chun costais oibríochtúla breise a chlúdach mar chuid den phacáiste tacaíochta seo.

Chomh maith leis sin, le blianta beaga anuas, cuireadh roinnt ghníomhartha i bhfeidhm chun na tairseacha ceapacháin agus coinneála i scoileanna beaga a fheabhsú, lena n-áirítear tairseacha rollaithe níos buntáistí do bhunscoileanna le múinteoir amháin agus scoileanna ar na hoileáin. I measc na ngníomharhta, áirítear laghdú 1 phointe den chóimheas idir daltaí agus múinteoirí i mbunscoileanna beaga le ceathrar múinteoirí nó níos lú ón scoilbhliain 2020/21. Cuireann Buiséad 2021 leis an dul chun cinn seo trí laghdú 1 phointe breise a chur i bhfeidhm maidir le múinteoir a cheapadh sa scoilbhliain 2021/22 agus laghdú trí phointe ar an sceideal coinneála. Cuideoidh na bearta seo lena chinntiú go mbeidh níos lú daltaí ag teastáil chun múinteoir a earcú nó a choinneáil. Foilseofar an sceideal foirne don scoilbhliain 2021/22 sna seachtainí amach romhainn. Is ag an bpointe seo a bheidh eolas ag bunscoileanna faoin soláthar foirne a bheidh acu don Mheán Fómhair seo chugainn agus cuirfear tús leis an bpróiseas ath-imlonnaithe chun folúntais teagaisc a líonadh.

Top
Share