Skip to main content
Normal View

Teagasc na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 17 February 2021

Wednesday, 17 February 2021

Questions (291)

Mairéad Farrell

Question:

291. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cé na comhairlí condae agus cathrach atá ag cur ranganna Gaeilge ar fáil dá bhfoireann agus cé acu nach bhfuil ag déanamh amhlaidh; agus an gcreideann sé gur cheart go mbeadh ranganna Gaeilge á gcur ar fáil don fhoireann ag comhairlí áitiúla uile an Stáit. [8540/21]

View answer

Written answers

Níl an t-eolas seo ar fáil i mo Roinn. Bheadh an t-eolas ábhartha ar fáil ó údaráis áitiúla aonair. Níl aon fheidhm ag mo Roinn mar gheall gur ceist eagraíochta é a bhfuil ar gach údarás áitiúil plé leis.

Faoi alt 159 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, tá gach Príomhfheidhmeannach freagrach as na socruithe soláthair foirne agus eagraíochta atá riachtanach chun tabhairt faoi fheidhmeanna an údaráis áitiúil a bhfuil sé nó sí freagrach astu.

Foráiltear san Acht go n-ullmhaíonn comhlachtaí poiblí scéim teanga ina sonraítear na seirbhísí a sholáthróidh siad:

- trí mheán na Gaeilge

- trí mheán an Bhéarla, agus

- trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla

Tá gach údarás áitiúil tiomanta dá n-oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus ullmhaíonn siad Scéim reachtúil ina sonraítear na seirbhísí i nGaeilge a bheartaíonn sé a sholáthar don phobal.

Spreagann mo Roinn na húdaráis áitiúla go léir páirt réamhghníomhach a ghlacadh sa phróiseas seo.

Top
Share