Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 17 February 2021

Wednesday, 17 February 2021

Questions (409)

Éamon Ó Cuív

Question:

409. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén tacaíocht bhreise idir múinteoirí agus tacaíochtaí eile atá ar fáil do scoileanna dara leibhéal atá aitheanta mar scoileanna Gaeltachta faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta a thionscain an Roinn le blianta beaga anuas; cé mhéid scoil atá ag fáil buntáiste as na tacaíochtaí seo, agus iad briste síos de réir ainm na scoile, an chontae in a bhfuil siad agus na dtacaíochtaí atá siad ag fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8310/21]

View answer

Written answers

Is í príomhaidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ná an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta. Ó cuireadh tús le feidhmiú an Pholasaí in 2017, tá maoiniú thart ar €14m breise curtha ar fáil chun gníomhartha an pholasaí a chur bhfeidhm. I measc na ngníomhartha sin, bunaíodh an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta chun acmhainní spriocdhírithe breise a chur ar fáil do scoileanna sna limistéir phleanála teanga Ghaeltachta chun na critéir theangabhunaithe a chomhlíonadh ar mhaithe le haitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta.

- Tá gach ceann den 29 iar-bhunscoil Ghaeltachta sa Scéim ag fáil idir 7 agus 10 n-uaireanta breise in aghaidh na seachtaine, de réir rollúchán na scoileanna, do thacaíocht na Gaeilge. Ó 2018 ar aghaidh íocadh deontas €1200 le gach iar-bhunscoil Ghaeltachta chun acmhainní teagaisc Gaeilge a cheannach.

- Tá ceardlanna agus seimineáir oiliúna breise curtha ar fáil go leanúnach ag COGG do gach iar-bhunscoil Ghaeltachta ó 2017 i leith chun tacú leo na critéir theangabhunaithe a chur i bhfeidhm. Tá an tacaíocht seo ag leanúint go fíorúil ó dúnadh na scoileanna de bharr COVID-19.

- Ó cuireadh tús leis an Scéim in 2017, fuair gach iar-bhunscoil Gaeltachta 4 chuairt chomhairleacha ó chigirí chun treoir shonrach a sholáthar do scoileanna maidir lena bpleanáil gníomhaíochta do phróisis feabhsúcháin d’fhonn an tumoideachas a threisiú. Fuair na scoileanna seo seisiúin chomhairleacha eile freisin chun tacú le leanúnachas agus soláthar sábháilte scolaíochta in 2020.

- Ó 2019 ar aghaidh tugadh an deis d’iar-bhunscoileanna Gaeltachta páirt a ghlacadh sa tionscadal píolótach ríomh-mhoil a bhaineann leas as soláthar foghlama cumaisc ar líne chun an raon roghanna ábhar atá ar fáil trí mheán na Gaeilge do scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta a leathnú. Cuireadh acmhainní breise ar fáil do na scoileanna rannpháirteacha, lena n-áirítear maoiniú aon uaire (€5,000) do gach scoil chun trealamh teicneolaíochta a cheannach. Cuirtear uaireanta teagaisc breise ar fáil do na hiar-bhunscoileanna seo chomh maith – 15 uair in aghaidh na seachtaine do na hiar-bhunscoileanna ina bhfuil ríomh-Mhúinteoirí bunaithe agus 4 huaire in aghaidh na seachtaine do na scoileanna leis na ríomhMheantóirí chun tacú leis na scoláirí.

- Chomh maith leis sin, ó 2018 ar aghaidh, tá tacaíochtaí breise ar fáil don dá iar-bhunscoil Ghaeltachta atá páirteach sa chlár Forás. Mar chuid den chlár píolótach seo tugadh múinteoir breise amháin, coibhéis lánaimseartha don dá iar-bhunscoil roghnaithe – Meánscoil San Nioclás agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Is é cuspóir an tionscadail ná cuidiú le scoláirí na sraithe sóisearaí, ar léir gur gá dóibh a scileanna teanga Gaeilge a fheabhsú, le cur ar a gcumas a bheith gafa go tairbheach le curaclam na scoile trí mheán na Gaeilge.

- Cuireadh pacáiste de thacaíochtaí breise ar fáil do gach ceann de na cúig iar-bhunscoil oileánda ó Mheán Fómhair 2018 ar aghaidh. (Tá na tacaíochtaí seo ar fáil sa bhreis ar na tacaíochtaí a fhaigheann na scoileanna mar chuid den Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta). Clúdaíonn an pacáiste tacaíochtaí seo:

- leithdháileadh breise múinteora do gach ceann d’iar-bhunscoileanna na n-oileán ón leithdháileadh ag 1 phost ar choibhéis lánaimseartha go 1.5 phost ar choibhéis lánaimseartha

- buiséad €15,000 breise imfhálaithe in aghaidh na bliana do gach scoil

- bunú Choláiste Naomh Eoin, a raibh stádas Aonad Teanga (an tAonad) aige roimhe sin, mar iar-bhunscoil neamhspleách ann féin ar Inis Meáin, Contae na Gaillimhe.

- Mar chuid d’fheidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus chun scileanna inniúlachta teanga na múinteoirí a neartú, thosaigh Coláiste Mhuire gan Smál ar an Máistreacht san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ar cúrsa páirtaimseartha foghlama cumaisc é, a sholáthar ó mhí Mheán Fómhair 2018. Bíonn suas le 30 áit nua ar an gcúrsa á soláthar in aghaidh na bliana. Tá an-chuid spéise agus éilimh léirithe ag múinteoirí sa chúrsa iarchéime go dtí seo.

Tacaíochtaí eile atá curtha ar fáil d’iar-bhunscoileanna Gaeltachta

As an 29 iar-bhunscoil Gaeltachta, is scoileanna DEIS iad 13 acu seo. Is é DEIS (Comhionannas Deiseanna a Sheachadadh i Scoileanna) an clár náisiúnta is déanaí atá dírithe ar fhreastal ar riachtanais leanaí agus daoine óga ó phobail faoi mhíbhuntáiste. Tá fáil ar liosta de na hiar-bhunscoileanna DEIS ar https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Seirbhísí/Comhionannas-Deiseanna-sna-Scoileanna-a-Sheachadadh-DEIS-/DEIS-Tacú-Faisnéise/Tacaíochtaí-do-scoileanna-DEIS.html.

- Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) seirbhís síceolaíochta ar fáil do gach iar-bhunscoil Gaeltachta trí sheirbhís cásobair aonair agus seirbhís tacaíochta agus forbartha araon a sholáthar chun cuidiú le scoileanna tacú le folláine agus le forbairt acadúil, shóisialta agus mhothúchánach gach dalta. Tá cnuasach acmhainní i nGaeilge forbartha ag SNSO chun tacú le scoileanna Gaeltachta. Bíonn na hacmhainní ar líne seo á n-athbhreithniú go rialta, agus is féidir teacht orthu ar www.education.ie .

- Le linn na tréimhse 2017 go 2021, tá deiseanna foghlama gairmiúla curtha ar fáil, agus á dtairiscint i gcónaí, ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí do mhúinteoirí iar-bhunscoile agus do cheannairí scoile thar raon téamaí ábhartha chun tacú le hiar-bhunscoileanna Gaeltachta. Tá an tacaíocht seo á soláthar trí chuairteanna saincheaptha comhthéacsúla ar scoileanna, ceardlanna roghnacha, pobail foghlama gairmiúla agus cúrsaí ar líne.

- Ina theannta sin, cuireann an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT) forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil do cheannairí agus do mhúinteoirí scoile ar athchóiriú curaclaim thar gach ábhar de churaclam na Sraithe Sóisearaí trí mheán na Gaeilge lena n-áirítear iar-bhunscoileanna Gaeltachta. Déantar an FGL seo a sholáthar trí cheardlanna, cuairteanna ar scoileanna agus seisiúin scoile uile, (ar fáil ar líne faoi láthair). Tá tacaíocht leanúnach ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile trí mheáin éagsúla, lena n-áirítear ríomhphoist, glaonna gutháin agus/nó coir poist.

- I measc na bpríomhthacaíochtaí oideachas speisialta a chuirtear ar fáil do gach iar-bhunscoil, lena n-áirítear iar-bhunscoileanna Gaeltachta, tá:

- Soláthar do Mhúinteoirí Oideachas Speisialta i scoileanna príomhshrutha chun tacaíocht teagaisc breise a sholáthar do dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais nó le riachtanais foghlama bhreise.

- Cúntóirí Riachtanais Speisialta chun tacú le riachtanais chúraim leanaí le riachtanais speisialta/míchumais

- Maoiniú do ranganna speisialta agus do mhúinteoirí ranganna speisialta.

Support

Top
Share