Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 March 2021

Wednesday, 3 March 2021

Questions (416)

Éamon Ó Cuív

Question:

416. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cé na socraithe atá á ndéanamh maidir le hábhar-oidí atá ag baint cáilíocht amach le bheith ina n-oidí bunscoile i mbliana lena chinntiú go bhfreastalóidh siad ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht nuair a bheidh sé sábháilte é sin a dhéanamh, chomh maith le cúrsa ar líne, sular dtabharfar aitheantas buan dóibh mar oidí bunscoile; an mbeidh a Roinn sásta íoc as na cúrsaí seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11220/21]

View answer

Written answers

Comhlíontar na ceanglais reatha le haghaidh Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht faoi chláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí bunscoile i bhfoirm dhá cheann de shocrúcháin dhá sheachtain, mar atá leagtha amach sa doiciméad Céim: Caighdeáin maidir le hOideachas Tosaigh Múinteoirí ón gComhairle Mhúinteoireachta.

De bharr srianta sláinte poiblí, cuireadh ar atráth roinnt Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht a bhí le cur i gcrích sa bhliain 2020. Ina theannta sin, de bharr éiginnteachta maidir leis an dóigh a seolfaí Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht, cuireadh aon socrúcháin a bhí sceidealaithe ar an méar fhada don bhliain acadúil 2020/2021.

Le tamall anuas, tá mo Roinn ag obair le geallsealbhóirí – an Chomhairle Mhúinteoireachta, na hInstitiúidí Ardoideachais, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus CONCOS (an bratchomhlacht le haghaidh Coláistí Gaeltachta) ina measc – chun socruithe teagmhasacha a fhorbairt ionas go bhféadfaí Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht a chur i gcrích sa bhliain acadúil reatha. Táthar tar éis teacht ar chomhaontú chun leagan ar líne den chúrsa a sholáthar sa bhliain 2021. A bhuí leis na pleananna teagmhasacha sin, beifear in ann gach socrúchán a dhéanamh i mbliana, idir iad sin a bhaineann leis an mbliain acadúil 2020/21 agus iad sin a cuireadh ar atráth sa bhliain 2020. Cinnteoidh sé sin freisin go mbeidh deis ag mic léinn sa bhliain dheireanach céim a bhaint amach i samhradh na bliana 2021, faoi mar atá sceidealaithe. Níl sé beartaithe go gceanglófar ar na mic léinn sin a bhainfidh céim amach i samhradh na bliana 2021 tuilleadh Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht a chur i gcrích tráth níos déanaí.

Tá sé mar aidhm chomhroinnte ag na geallsealbhóirí uile lena mbaineann go bhfaigheadh mic léinn clár ardchaighdeáin ar líne. Tá na hInstitiúidí Ardoideachais ag obair go díreach lena soláthraithe Coláistí Gaeltachta faoi láthair chun cur chun feidhme a dhéanamh ar na socruithe praiticiúla agus riaracháin le haghaidh an Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht a sholáthar.

Top
Share