Skip to main content
Normal View

Covid-19 Paindéim

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 March 2021

Wednesday, 3 March 2021

Questions (5, 6, 7, 8, 9)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

5. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Taoiseach cén fáth nár fhoilsigh an Rialtas leagan Gaeilge den doiciméad dár teideal Recovery and Renewal: The Path Ahead comhuaineach leis an leagan Béarla. [11492/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

6. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Taoiseach cathain a ndéanfaidh an rialtas an doiciméad dár teideal Recovery and Renewal: The Path Ahead a fhoilsiú trí Ghaeilge. [11493/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

7. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Taoiseach an bhfuil aiféal air gur sháraigh a rialtas alt 10(a) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le foilsiú an doiciméad dár teideal Recovery and Renewal: The Path Ahead, doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí, go haonteangach trí Bhéarla amháin, agus an ndéanfaidh sé aon rud chun a chinntiú nach dtarlóidh a leithéad arís. [11494/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

8. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Taoiseach liosta a chur ar fáil de gach doiciméad foilsithe ag an Rialtas ina leagtar amach tograí beartais phoiblí mar gheall ar srianta agus comhairle Covid-19 ó 1 Márta 2020 go dtí 23 Feabhra 2021 nach raibh foilsithe go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. [11496/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

9. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Taoiseach liosta a sholáthar de gach doiciméad foilsithe ina leagtar amach tograí beartais phoiblí a bhfuil freagracht air agus ar a Roinn ina leith, agus nach mbaineann le srianta Covid-19 ná le comhairle, ón 1 Márta 2020 go 23 Feabhra 2021 nach raibh foilsithe go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. [11497/21]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 5 to 9, inclusive, together.

D’fhoilsigh mo roinn ceithre phríomhdhoiciméad polasaí faoi COVID – 19 ó thús na paindéime: Plean Gníomhartha Náisiúnta na hÉireann; an Léarscáil Bóithre chun Sochaí agus Gnó a Athoscailt; Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021: An Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19 agus Teacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021- An Bóthar Amach Romhainn as Béarla.

Foilsíodh Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021: An Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19 an leagan Gaeilge chomh luath agus a aistríodh é tar éis an leagan Béarla a bheith foilsithe againn.

De bharr an ama theoranta a bhí le fáil idir faomhadh an Rialtais i dtaca leis an doiciméad agus a fhoilsiú, agus spéis an phobail chun teacht ar eolas tráthúil, foilsíodh Teacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021 – An Bóthar Amach Romhainn ar dtús as Béarla ar an Máirt, an triú lá is fiche de Feabhra fad is atá leagan Ghaeilge á áistriú againn. Foilseofar é as Gaeilge chomh luath agus atá sé réidh.

Áfach, tá comhairle agus eolas ar shláinte poiblí le fáil go dátheangach ar Gov.ie agus eolas faoi Theacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021- An Bóthar Amach Romhainn ina measc sin. Sa chás nach bhfuil sé le fáil as Gaeilge ag an am céanna, cuirtear ar fáil é i mbealach atá tráthúil.

Tá gach roinn freagrach as aistriúchán agus foilsiú na ndoiciméad cuí a bhaineann lena réimsí polasaí lastigh dá gcúram féin.

Top
Share