I propose to take Questions Nos. 5 to 9, inclusive, together.
D’fhoilsigh mo roinn ceithre phríomhdhoiciméad polasaí faoi COVID – 19 ó thús na paindéime: Plean Gníomhartha Náisiúnta na hÉireann; an Léarscáil Bóithre chun Sochaí agus Gnó a Athoscailt; Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021: An Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19
agus Teacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021- An Bóthar Amach Romhainn as Béarla.
Foilsíodh Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021: An Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19 an leagan Gaeilge chomh luath agus a aistríodh é tar éis an leagan Béarla a bheith foilsithe againn.
De bharr an ama theoranta a bhí le fáil idir faomhadh an Rialtais i dtaca leis an doiciméad agus a fhoilsiú, agus spéis an phobail chun teacht ar eolas tráthúil, foilsíodh Teacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021 – An Bóthar Amach Romhainn ar dtús as Béarla ar an Máirt, an triú lá is fiche de Feabhra fad is atá leagan Ghaeilge á áistriú againn. Foilseofar é as Gaeilge chomh luath agus atá sé réidh.
Áfach, tá comhairle agus eolas ar shláinte poiblí le fáil go dátheangach ar Gov.ie agus eolas faoi Theacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021- An Bóthar Amach Romhainn ina measc sin. Sa chás nach bhfuil sé le fáil as Gaeilge ag an am céanna, cuirtear ar fáil é i mbealach atá tráthúil.
Tá gach roinn freagrach as aistriúchán agus foilsiú na ndoiciméad cuí a bhaineann lena réimsí polasaí lastigh dá gcúram féin.