Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 10 March 2021

Wednesday, 10 March 2021

Questions (536)

Éamon Ó Cuív

Question:

536. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici siollabais nua Ghaeilge a thabhairt isteach don Ardteist nó an bhfuil i gceist aici ábhair éagsúla a dhéanamh de theanga na Gaeilge agus de litríocht na Gaeilge; má tá athruithe i gceist, céard atá á mholadh agus an mbeidh deis ag scoláirí clárú le dhá shiollabas nó dhá ábhar Gaeilge a leanúint ag an am céanna agus grádanna dá réir a fháil san Ardteist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13219/21]

View answer

Written answers

D’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta dréachtsonraíochtaí do T1 Gaeilge (an Ghaeilge mar an chéad teanga) agus do T2 Gaeilge (an Ghaeilge mar an dara teanga) na hArdteistiméireachta le déanaí le haghaidh comhairliúcháin phoiblí. Tá siad ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://ncca.ie/en/senior-cycle/curriculum-developments/gaeilge/.

Beidh an comhairliúchán oscailte go dtí an 31ú Lúnasa 2021 agus déanfar athbhreithniú ar na sonraíochtaí i bhfianaise aon tuairimí a fhaightear.

Tá an fhorbairt seo maidir le sonraíochtaí T1 ar leith agus T2 ar leith ag tógáil ar na cinn atá curtha ar fáil cheana féin sa tSraith Shóisearach agus tá straitéisí agus polasaithe an Rialtais lena n-áirítear An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus An Polasaí don Oideachas Gaeltachta mar bhonn agus mar thaca leo.

Tá sonraíocht T1 Gaeilge na hArdteistiméireachta dírithe ar chainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí i scoileanna Gaeltachta, agus ar scoláirí san earnáil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge). Tá sé beartaithe go mbeidh sé de rogha ag scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla sonraíocht T1 a sholáthar freisin.

Tá sonraíocht T2 Gaeilge na hArdteistiméireachta ag díriú ar scoláirí a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar an dara teanga, go príomha i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.

Is cuid dhílis an staidéar ar théacsanna liteartha agus neamhliteartha de na cineálacha eispéiris foghlama a chuirtear ar fáil do scoláirí sa dá dhréachtshonraíocht don Ardteisitméireacht atá foilsithe anois le haghaidh comhairliúcháin.

Ní dhéanfadh scoláirí ach ceann amháin de na sonraíochtaí do scrúdú na hArdteistiméireachta in aon bhliain amháin.

Top
Share