Is féidir liom a dheimhniú go ndearnadh, de dheasca botúin riaracháin, iarratas ar eadóirseacht a cuireadh isteach le gairid ar fhoirm iarratais Ghaeilge a chur ar ais chuig an iarratasóir. Tá an rannán iomchuí tar éis bheith i dteagmháil leis an iarratasóir ó shin i leith; tá an tsaincheist réitithe agus tá an t-iarratas á phróiseáil sa ghnáthshlí i gcónaí.
Déantar na foirmeacha iarratais ar shaoránacht, maille leis na treoirlínte a bhaineann leo, a nua-shonrú go rialta, chun athruithe reachtaíochta agus beartais araon a chur san áireamh. Is cuid riachtanach den phróiseas sin an leagan Gaeilge a bhíonn againn de na foirmeacha iarratais a athbhreithniú; tá an leagan is déanaí d’Fhoirm 8 aistrithe anois agus tá an t-aistriúchán sin á sheiceáil faoi láthair sula n-uaslódálfar ar an suíomh gréasáin é an tseachtain seo chugainn. Doiciméad mós dlíthiúil atá san fhoirm 36 leathanach sin, ina bhfuil 3 dhearbhú reachtúla éagsúla, foralálacha a bhaineann le cosaint sonraí (i.e., an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) agus miontreoracha maidir leis an bhfoirm féin a chomhlánú.
Ní dhiúltóidh mise iarratas go deo i gcás ina n-úsáidtear an leagan Gaeilge den fhoirm iarratais in ionad an leagain Bhéarla agus, i gcás ina n-úsáidfidh iarratasóirí foirm atá as dáta, cuirfidh oifigigh é sin in iúl dóibh, agus déanfar iad a threorú chuig an leagan is déanaí. Is den riachtanas é, áfach, go n-úsáidfí an leagan den fhoirm iarratais iomchuí is mó atá suas chun dáta sna hiarratais uile ar eadóirseacht, agus tá siadsan ar fáil ar shuíomh gréasáin Saoránachta, agus beidh an leagan Gaeilge is mó atá suas chun dáta ar fáil go luath.