Mar is eol don Teachta is oileáin Ghaeltachta roinnt do na hoileáin a thagann faoi mo chúram. Tá comhoibriú leanúnach idir mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta i dtaobh riar leathan seirbhísí a chuirtear ar fáil ar na hoileáin.
Tá ról lárnach ag na comharchumainn oileánda, atá maoinithe ag an Údarás, ag déanamh ionadaíocht ar son na hoileáin chun seirbhísí éagsúla a lorg. I gcás na aerstáicí ar na hOileáin Árann tá úinéaracht na maoin seo faoin Údarás freisin.
Aithníonn mo Roinn an ról tábhachtach atá ag an Údarás, agus gur ceann do na príomhghealsealbhírí in ullmhú Polasaí Oileánda nua iad. Sa chomhthéacs sin, beidh mo Roinn ag socrú cruinniú déthaobhach leo chun ionchur an tÚdarás a fháil ina leith.