Is doiciméad ardleibhéil é an Ráiteas Straitéise ina leagtar béim ar spriocanna straitéiseacha don Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, ní thagraítear go sonrach do mhórchuid de ghníomhaíochtaí agus de thosaíochtaí na Roinne.
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán freagrach as cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a forbraíodh faoi choimirce An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
Tá an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tiomanta oibriú go dlúth leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán chun tacú leis na tionscnamh éagsúla atá mar chuid den Straitéis.
Ó thaobh na hearnála Breisoideachais agus Oiliúna (FET), tá cúrsaí ar fáil a bhaineann leis an nGaeilge. Déantar an soláthar seo a ofráil, den chuid is mó, mar chuid de réimsí an oideachais phobail agus na litearthachta d'aosaigh. Tá sé de chúram ar na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) a soláthar a struchtúrú i gcomhréir le héilimh agus riachtanais na bhfoghlaimeoirí, de réir tosaíochtaí scileanna áitiúla agus náisiúnta. Cuirtear é seo i gcrích i gcomhar leis na Comhaontuithe Feidhmíochta Straitéiseacha atá i bhfeidhm idir SOLAS agus gach ceann de na 16 BOO.
Ina theannta sin, cuireann an t-ardán ar líne eCollege, atá á bhainistiú ag SOLAS, cúrsa Gaeilge - ‘Labhair Gaeilge Liom’ ar fáil saor in aisce. Seoladh an cúrsa seo in 2016 mar chúrsa inrochtana do dhaoine le taitneamh a bhaint as i gcomhthéacs chomóradh céad bliain 1916. Rinneadh é a dhearadh chun frásaí lárnacha a thabhairt d’fhoghlaimeoirí agus rithimí agus fuaimeanna na Gaeilge labhartha a sholáthar. Leanadh leis mar thoradh ar spéis leanúnach ó fhoghlaimeoirí.
Leanann an Roinn ag obair go dlúth lena gníomhaireachtaí, a páirtithe leasmhara uile agus leis na hinstitiúidí breisoideachais agus ardoideachais chun cur le cur chun cinn na Gaeilge agus táimid oscailte deiseanna a thapú chun ár ngníomhaíochtaí a fhorbairt agus a fheabhsú nuair is praiticiúil sa réimse seo.