Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 31 March 2021

Wednesday, 31 March 2021

Questions (445)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

445. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir leis an gCiste Cobhsaíochta a cuireadh ar fáil chun cúnamh a thabhairt do choláistí samhraidh agus teaghlaigh ósta nach raibh daltaí in ann freastal orthu anuraidh de thairbhe Covid-19, an gcuirfear ar fáil é arís i mbliana, cé mhéad airgid a bheidh i gceist leis, agus cén spriocam atá i gceist le haghaidh iarratais a dhéanamh agus maoiniú a fháil. [17349/21]

View answer

Written answers

Aithníonn mo Roinn go bhfuil sé thar a bheith dúshlánach do na coláistí Gaeltachta agus iad ag iarraidh a bheith ag pleanáil chun cinn don bhliain seo amach romhainn, go háirithe agus cúrsaí COVID-19 ag athrú go síoraí.

Tá comhairleoirí sláinte agus sábhailteachta fostaithe ag mo Roinn chun cuidiú leis na hearnálacha a thagann faoina scáth ina gcuid ullmhúcháin chun feidhmiú le linn na paindéime. Mar chuid den obair sin, tá ullmhú treoirlínte d'earnáil na gcoláistí samhraidh idir lámha (lena n-áirítear teaghlaigh a choinníonn lucht freastail na gcoláistí ar iostas).

Tá sé seo á dhéanamh ag mo Roinn ar mhaithe le cabhrú leis an earnáil dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le bheith ag reáchtáil cúrsaí samhraidh sna tosca reatha agus lena chinntiú go mbeadh an cur chuige ag teacht le pleananna foriomlána an Rialtais – Teacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021 - An Bóthar Amach Romhainn.

Tá sé idir dhá cheann na meá an mbeifear in ann dul ar aghaidh le cúrsaí go sábháilte an samhradh seo. Idir an dá linn, tá molta do na coláistí tairbhe a bhaint as na scéimeanna agus tacaíochtaí éagsúla de chuid an Rialtais atá curtha ar fáil chun cabhrú le gnólachtaí tríd an tréimhse seo de bharr shrianta COVID-19. Tuigtear go bhfuil roinnt mhaith de na coláistí á dhéanamh seo.

Ní gá a rá go leanfaidh mé féin agus mo Roinn ag coinneáil rudaí faoi bhreithniú i rith an ama agus ag obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an Roinn Oideachais, na húdaráis sláinte agus scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, CONCOS, ach go háirithe, chun teacht ar chur chuige slán sábháilte agus tacaíocht chuí a bheidh ar leas foriomlán an phobail, idir phobal na Gaeltachta agus pobal na gColáistí.

Top
Share