Bhí tionchar ollmhór ag COVID-19 ar Ghaillimh 2020, laghdú acmhainní daonna san áireamh. Ina thaobh seo, tugadh tosaíocht do thacú le soláthar chlár cultúrtha athbhreithnithe ag teacht leis na srianta atá i bhfeidhm. Tuigim gur úsáid Gaillimh 2020 an Ghaeilge a oiread agus ab fhéidir leo i soláthar cláir chultúrtha agus cumarsáid a bhain leo faoin gclár athbhreithnithe.
Tá 7 gcinn de na 28 tionscadal atá sa chlár athbhreithnithe go hiomlán dátheangach nó léirítear iad go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá na tionsadail go léir luaite sa liosta thíos, agus tá codanna ar líne de na tionscadail seo ar fáil ag naisc ar shuíomh gréasáin galway.2020.ie.
- Báisteach go Deo: ar siúl faoi láthair
- Foclóir Farraige: ar siúl faoi láthair
- An tOileán Thiar: ar siúl faoi láthair
- Séadchomhortha : ar siúl faoi láthair
- Óró: curtha i gcrích
- Aistriú: ar siúl i mí Aibreáin 2021
- Sruth Na Teanga: curtha i gcrích.