Skip to main content
Normal View

Straitéisí Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 31 March 2021

Wednesday, 31 March 2021

Questions (742, 743)

Rose Conway-Walsh

Question:

742. D'fhiafraigh Deputy Rose Conway-Walsh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta cén fáth nach bhfuil tagairt, sprioc nó beartas ar bith don Ghaeilge i Ráiteas Straitéise nó i bPlean Gníomhaíochta Straitéiseach na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, 2021 - 2023 a foilsíodh le déanaí, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an gealltanas sa Chlár Rialtais go nglacfaí cur chuige uile-Rialtais i leith chosaint agus chur chun cinn na Gaeilge; agus an bhfuil sé sásta cloí leis an gcur chuige uile-Rialtais sin agus an Ráiteas Straitéise agus an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach a leasú le go n-áireofaí an Ghaeilge go cuimsitheach sa Ráiteas agus sa Phlean sin go luath. [16384/21]

View answer

Rose Conway-Walsh

Question:

743. Deputy Rose Conway-Walsh asked the Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science the reason there is no reference, aim or policy for the Irish language in the Statement of Strategy or Strategic Action Plan 2021-2023 of his Department, given that there is a commitment in the programme for Government to have a whole-of-Government approach to the protection and promotion of the Irish language; and if he will adhere to this whole-of-Government approach and to amend the Statement of Strategy and Strategic Action Plan 2021-2023 to include the Irish language comprehensively as soon as possible. [16385/21]

View answer

Written answers

Táim chun Ceisteanna Uimh. 742 agus 743 athógáil le chéile.

Is doiciméad ardleibhéil é an Ráiteas Straitéise ina leagtar béim ar spriocanna straitéiseacha don Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, ní thagraítear go sonrach do mhórchuid de ghníomhaíochtaí agus de thosaíochtaí na Roinne.

Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán freagrach as cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a forbraíodh faoi choimirce An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Tá an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tiomanta oibriú go dlúth leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán chun tacú leis na tionscnamh éagsúla atá mar chuid den Straitéis.

The Statement of Strategy is a high level document that sets out strategic goals for the Department of Further and Higher Education, Research, Innovation and Science. In line with this approach, many of the Department's activities and priorities are not specifically addressed.

The Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport & Media is responsible for the implementation of the Action Plan 2018-2022 developed under the auspices of the 20 Year Strategy for the Irish Language 2010-2030.

The Department of Further and Higher Education, Research, Innovation and Science is committed to working closely with the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport & Media to support the various initiatives that form part of the Strategy.

Top
Share