Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 April 2021

Thursday, 1 April 2021

Questions (211)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

211. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cathain a fhoilseofar an polasaí cuimsitheach don Ghaeilge ón oideachas réamhscolaíochta go dtí oiliúint na múinteoirí do gach scoil, mar atá geallta sa Chlár Rialtais; cén dul chun cinn atá déanta ar an bpolasaí seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17761/21]

View answer

Written answers

Tá obair leanúnach ar siúl ag mo Roinn le réamhphleanáil ar na céimeanna atá ag teastáil chun polasaí don oideachas lán-Ghaeilge a fhorbairt. Táim ag súil leis an obair thábhachtach seo a thabhairt chun cinn chun tógáil ar na torthaí dearfacha atá bainte amach cheana féin i gcur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta chun an t-oideachas lán-Ghaeilge a láidriú. Táim ag súil le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara ábhartha éagsúla chun an obair thábhachtach seo a chur chun cinn.

Top
Share