Skip to main content
Normal View

Curaclam Scoile

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 April 2021

Thursday, 1 April 2021

Questions (213)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

213. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cén fáth a ndéanfadh dalta scoile nó scoil cúrsa T1 a roghnú in ionad T2 mar atá molta don Ghaeilge san Ardteist nuair nach bhfuil buntáiste ar bith ag gabháil leis, agus go mbeadh sé níos deacra marcanna arda a bhaint amach toisc an scrúdú a bheith níos deacra agus an caighdeán iomaíochta a bheith níos airde. [17763/21]

View answer

Written answers

Sna dréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 le haghaidh na hArdteistiméireachta don Ghaeilge a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe tá roinnt seachtainí ó shin i gcomhair comhairliúcháin, tógtar ar na forbairtí suntasacha i soláthar curaclaim na Gaeilge ar leibhéil na bunscolaíochta agus na Sraithe Sóisearaí. Mar fhreagra d’aiseolas ó na páirtithe leasmhara, tugadh isteach sonraíochtaí idirdhealaithe T1 agus T2 don tSraith Shóisearach den chéaduair in 2017. Ina dhiaidh sin tugadh isteach Curaclam Theanga na Bunscoile nua (don Ghaeilge agus don Bhéarla) i leith na gcéimeanna uile ar leibhéal na bunscolaíochta in 2019, atá idirdhealaithe freisin do chomhthéacsanna T1 agus T2.

Is é cuspóir mo Roinne feabhas a chur ar chaighdeáin oideachais agus ar cháilíocht na n-eispéireas foghlama do na daltaí go léir, lena n-áirítear a ndeiseanna chun dul i ngleic le staidéar na Gaeilge de réir a gcumas sa Ghaeilge thar an gcontanam. I soláthar na sonraíochtaí T1 agus T2 faoi choinne na Gaeilge le haghaidh na hArdteistiméireachta, tógtar ar an soláthar idirdhealaithe atá ann don Ghaeilge ar leibhéil na bunscolaíochta agus na sraithe sóisearaí, trína gceadaítear do dhaltaí a gcuid scileanna agus a n-inniúlachtaí sa Ghaeilge a chur chun cinn, a dhaingniú agus a fheabhsú. Faoi mar a dúradh i sonraíocht na Sraithe Sóisearaí, tá tábhacht ar leith ag baint le soláthar na sonraíochta T1 i leith na Gaeilge sna scoileanna lán-Ghaeilge chun tacú le rochtain na ndaltaí ar an bhfoghlaim agus ar choincheapa in ábhair eile agus ar éispéiris foghlama thar an gcuraclam ar fad, agus chun forbairt a dhéanamh ar a n-inniúlacht maidir le láimhsiú na gcoincheap sin agus lena bhfoghlaim a léiriú agus le go mbeidís mar chumarsáidithe as Gaeilge trí leas a bhaint as réimse scileanna teanga ar mhaithe leis an oideachas agus mar shaoránaigh ghníomhacha ina bpobail teanga.

Tuigtear dom go bhfuil na páirtithe leasmhara tar éis tuairimí a chur in iúl maidir leis an tslí chun sonraíocht T1 na hArdteistiméireachta a ghríosú. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil na sonraíochtaí T1 agus T2 ar chéim an chomhairliúcháin san am i láthair agus dá réir sin d’fhéadfaidís athrú, ag brath ar aiseolas na bpáirtithe leasmhara. Féadaim a dheimhniú, áfach, go bhfuil oifigigh mo Roinne ag déanamh bearta iomchuí a mheas a d’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm le go spreagfaí roghnú na sonraíochta T1. Déanfar a leithéid de bhearta a mheas i gcomhchomhairle leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM), ós í ár gcomhpháirtí Roinne í le go mbainfear amach réimse beart a bhaineann leis an oideachas faoi mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Sa dóigh sin, tá ról tábhachtach ag baint le soláthar curaclaim na Gaeilge inár scoileanna chun cur le cuspóir soiléir an Rialtais maidir le líon na n-úsáideoirí laethúla Gaeilge a ardú taobh amuigh den chóras oideachais agus maidir leis an aidhm foriomlán a bhaint amach lena mbeidh Gaeilge ag 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí faoin mbliain 2030 i gcomhréir le Bille na dTeangacha Oifigiúla.

Top
Share