Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 April 2021

Wednesday, 21 April 2021

Questions (1259)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1259. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an bhfuil cúram ag a Roinn i leith comhionnanas do phobal labhartha na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta, agus cén obair atá ar bun aige bainteach leis sin. [20412/21]

View answer

Written answers

Tá freagracht reachtaíochta ar an Roinn Leanaí; Comhionannais; Míchumais; Lánpháirtíochta agus Óige ó thaobh comhionannais de leagtha amach san Ionstraim Reachtúil 436/2020 - http://www.irishstatutebook.ie/eli/2020/si/436/made/en/print

Is é an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán atá i gceannas ar pholasaithe náisiúnta mar a bhaineann siad leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht - https://www.gov.ie/en/policy/d01d9-an-ghaeltacht/#the-gaeltacht.

Top
Share