Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 April 2021

Wednesday, 21 April 2021

Questions (1357)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1357. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta cé mhéad airgead atá á chaitheamh ag a Roinn le cúrsaí trí Ghaeilge a sholáthar ag an tríú leibhéal, nach mbaineann leis an nGaeilge mar ábhar nó leis an múinteoireacht, ar nós Dlí, Eolaíochta, Gnó, agus cé mhéad mac léinn timpeall na tíre atá sna cúrsaí seo. [20771/21]

View answer

Written answers

Déanann mo Roinn maoiniú athfhillteach a dháileadh ar an Údarás um Ard-Oideachais (ÚAO) don íocaíocht amach go díreach chuig institiúidí ardoideachais ainmnithe an ÚAO. Déanann an ÚAO an maoiniú seo a dháileadh mar bhlocdheontas chuig na hinstitiúidí. Mar chomhlachtaí uathrialacha, baineann íocaíocht amach an mhaoinithe seo, lena n-áirítear aon chaiteachas ar na míreanna a cheistigh an Teachta, leis an institiúid aonair.

Ina theannta sin, mar is dócha gur eol don Teachta, tá tacaíocht shonrach d’fhorbairt Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉG) san áireamh sa leithdháileadh foriomlán, d’aontaigh an Roinn leithdháileadh €900,000 a sholáthar do na blianta acadúla 2019/20 agus 2020/21.

Top
Share