Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 April 2021

Wednesday, 21 April 2021

Questions (1359, 1360, 1361, 1448, 1449, 1450)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1359. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt cé mhéid breitheamh ag gach leibhéal cúirte sa tír atá inniúil ar chásanna a éisteacht as Gaeilge, sa Chúirt Uachtarach, sa Chúirt Achomhairc, san Ard-Chúirt, sa Chúirt Chuarda agus sa Chúirt Dúiche. [20972/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1360. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt cad iad na céimeanna a ghlacfaidh sí le cinntiú go mbeidh 20% de na breithiúna gach leibhéal cúirte sa tír atá inniúil ar chásanna a éisteacht as Gaeilge. [20973/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1361. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt cad iad na céimeanna a ghlacfaidh aici le cinntiú go mbeidh an breitheamh dúiche a shannfar don bhfolúntas i nDúiche Uimhir a 1 inniúil ar chásanna a éisteacht as Gaeilge faoi mar a éilíonn alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924. [20974/21]

View answer

Catherine Connolly

Question:

1448. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Dlí agus Cirt cé mhéad breitheamh i ngach cineál cúirte sa tír atá inniúil ar chásanna a éisteacht as Gaeilge, sa Chúirt Uachtarach, sa Chúirt Achomhairc, san Ard-Chúirt, sa Chúirt Chuarda agus sa Chúirt Dúiche; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19762/21]

View answer

Catherine Connolly

Question:

1449. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Dlí agus Cirt cad iad na céimeanna a ghlacfaidh sí chun a chinntiú go mbeidh 20% de na breithiúna i ngach cineál cúirte sa tír inniúil ar chásanna a éisteacht as Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19763/21]

View answer

Catherine Connolly

Question:

1450. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Dlí agus Cirt maidir le folúntas i nDúiche Uimh. 1 (Dún na nGall) atá ann faoi láthair agus breitheamh dúiche le sannadh di, cad iad na céimeanna a ghlacfaidh sí chun a chinntiú go mbeidh an breitheamh dúiche a shannfar do Dhúiche Uimh. 1 inniúil ar chásanna a éisteacht as Gaeilge de réir mar a cheanglaítear leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, alt 71; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19764/21]

View answer

Written answers

Molaim Ceisteanna Uimh. 1359 go 1361, cuimsitheach, agus 1448 go 1450, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Ar an drochuair, níl mé in ann an t-ábhar a sholáthar laistigh den am atá ar fáil. Cuirfidh mé freagra ar aghaidh chuig na Teachta Dála i bhfoirm scríofa sna laethanta amach romhainn.

The following deferred reply was received under Standing Order 51:
Tagraím do Cheisteanna Parlaiminteacha Uimhreacha 1359, 1360 agus 1361 uait, a bhí le freagairt ar an 21 Aibreán 2021. Mar is cuimhin leat, níorbh fhéidir an fhaisnéis a iarradh a fháil sa tréimhse ama a bhí ar fail, agus gheall an tAire Nic an tSaoi go rachadh sí i dteagmháil leat arís nuair a bheadh na mionsonraí ar fáil. Táimse ag freagairt thar a ceann.
Bhain na Ceisteanna le líon na mbreithiúna atá inniúil ar chásanna a éisteacht i nGaeilge i ngach dlínse chúirte, leis na bearta a rinneadh chun a chinntiú gur féidir le 20% de na breithiúna cásanna a éisteacht i nGaeilge, agus le folúntas breithiúnach i nDún na nGall. Tá an fhaisnéis a iarradh faighte agam anois ón tSeirbhís Chúirteanna, agus tá áthas orm a nua-shonrú-san a chur ar fáil duit.
Mar is eol duit, faoi fhorálacha an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, is í an tSeirbhís Chúirteanna atá freagrach i mbainistiú na gcúirteanna, agus tá an tSeirbhís sin neamhspleách ag comhlíonadh a feidhmeanna di. Ina theannta sin, is ábhair a bhaineann go hiomlán le hUachtaráin na gCúirteanna agus leis na breithiúna ceannais – atá, faoin mBunreacht, neamhspleách ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna breithiúnacha dóibh – iad cásanna cúirte aonair a sceidealú agus gnó cúirte a leithroinnt.
Tá dearbhaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna, áfach, cé nach gcoimeádann an tSeirbhís painéal sonrach de bhreithiúna a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu, go bhfuil breithiúna a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu agus ar féidir leo cásanna a stiúradh i nGaeilge ag na cúirteanna seo a leanas:
An Chúirt Uachtarach: Is féidir le 5 Breitheamh, ar a laghad, gnó breithiúnach a stiúradh trí Ghaeilge. Rinne an Chúirt Uachtarach achomharc a stiúradh go hiomlán i nGaeilge, gan aistriúchán, le fíordhéanaí.
An Chúirt Achomhairc: 1 Breitheamh.
An Ard-Chúirt: 1 Breitheamh.
An Chúirt Chuarda: 3 Breitheamh.
An Chúirt Dúiche: 6 Breitheamh.
Tá an Rialtas tiomnaithe d’acmhainní dóthanacha a chinntiú do na cúirteanna chun rochtain ar an gceartas a choinneáil do na saoránaigh go léir, lena n-áirítear na daoine ar mian leo go ndéanfaí imeachtaí a stiúradh trí Ghaeilge. Á chur sin san áireamh, féachann an Rialtas le folúntais bhreithiúnacha a líonadh chomh luath agus is féidir, agus lena chinntiú go leanfaidh ár gcúirteanna de bheith ag oibriú chomh héifeachtach éifeachtúil agus is féidir.
Déanann an tUachtarán, ag gníomhú dó nó di ar chomhairle an Rialtais, ceapacháin bhreithiúnacha de réir Airteagail 13.9 agus 35.1 den Bhunreacht. Is é an Bord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha an comhlacht a bhfuil curtha de chúram air iarrthóirí cuí a mholadh lena gceapadh. Tuigtear dom go lorgaítear faisnéis maidir le hinniúlacht iarratasóra sa Ghaeilge, i measc scileanna eile, ar fhoirm iarratais an Bhoird.
Foráiltear leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, gur ceart, sa mhéid gur féidir é, breitheamh a shanntar do Dhúiche nó do Chuaird ina bhfuil limistéar Gaeltachta a bheith inniúil sa Ghaeilge. Cuirtear na forálacha sin san áireamh sa phróiseas breithnithe maidir leis na folúntais iomchuí, lena n-áirítear ceapachán breithimh Cúirte Dúiche le gairid i nDún na nGall (Dúiche 1). Tá áthas orm a rá go bhfuil an breitheamh nua-cheaptha inniúil sa Ghaeilge.
Ag díriú ar an todhchaí, féadfaidh sé go mbeidh sé fóinteach a thabhairt do d’aire go leagtar amach ceanglas i gCeannteidil fhoilsithe an Bhille fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha go ndéanfadh an Coimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha riachtanais lucht úsáide na gcúirteanna maidir le himeachtaí a bheith á stiúradh sa Ghaeilge a chur san áireamh. Tá foráil dá samhail molta maidir le daoine le hinniúlacht sa Ghaeilge a bheith ar áireamh i gcomhaltas na breithiúnachta nuair a bheidh moltaí á gcur faoi bhráid an Aire maidir le breithiúna a cheapadh.
Ar deireadh, tá Gasra Oibre, de réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais, bunaithe ag an Rialtas chun breithniú a dhéanamh ar líon agus ar chineál na mbreithiúna atá ag teastáil chun a chinntiú go ndéanfar an ceartas a riar go héifeachtúil sna cúig bliana amach romhainn. Breithneoidh an Gasra sin an ceanglas maidir le hinniúlacht sa Ghaeilge laistigh den bhreithiúnacht, chomh maith.
Tá súil agam go gcuideoidh an fhaisnéis seo leat.
Top
Share