Skip to main content
Normal View

Comhfhreagras Rannach

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 April 2021

Wednesday, 21 April 2021

Questions (1375, 1376, 1377, 1402, 1403)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1375. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt an bhfuil ábhar an iarratais eadóirseachta seolta ar ais chuig an iarratasóir, mar atá luaite ina freagra chugam ar cheist pharlaiminteach uimhir. 1256 den 24ú Márta 2021, an mbeidh ar an iarratasóir iarratas iomlán nua a sheoladh isteach arís agus tosú ar an bpróiseas arís ón tús toisc botún a bheith déanta ag a Roinn. [18219/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1376. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt an mbeidh moill ar iarratais eadóirseachta daoine (sonraí tugtha) mar thoradh ar earráid riaracháin ag a Roinn, nó an ndéanfaidh sí iarracht a n-iarratas a bhrostú ionas nach gcaitear níos measa leo ná iarratasóirí a roghnaíonn iarratas a sheoltar i mBéarla. [18220/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1377. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt cé mhéad iarratas eadóirseachta atá déanta trí Ghaeilge chuig a Roinn. [18221/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1402. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt an bhfuil sí sásta go bhfuil mí sa bhreis curtha leis an moill 6 mhí ar phroiséas eadóirseachta beirte toisc leithscéal nach féidir duine cuí a fháil chun an t-aistriúchán Gaeilge ar an bhfoirm iarratais a leagadh amach ar na leathanaigh i gceart go dtí an tseachtain roimh an 26 Aibreán 2021; an nglacann sí leis go bhfuil a Roinn freagrach as éagóir a dhéanamh ar phobal na Gaeilge i gcomparáid le pobal an Bhéarla; agus cén gníomh atá sí chun a dhéanamh chun an cás seo a chur ina cheart agus na hiarratais a dheifriú. [18786/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1403. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt cén fáth nach féidir le haon duine sa Roinn téacs aistrithe d’iarratas eadóirseachta a leagan amach i bhfoirm iarratais go dtí an tseachtain roimh an 26 Aibreán 2021; agus cén fáth ar gá fanacht ar sin chun an t-eolas atá á lorg sa bhfoirm a chur faoi bhráid na Roinne. [18788/21]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 1375 to 1377, inclusive, 1402 and 1403 together.

Tá an Roinn lántiomanta do sheirbhísí a sholáthar i nGaeilge agus le cúpla mí anuas chuaigh beirt oifigeach a bhfuil Gaeilge acu istech sa Rannán Saoránachta, chun roinnt róil a athlíonadh, lean sé seo ar imeacht na sealbhóirí roimhe seo ar scor.

Déantar na foirmeacha iarratais agus na treoirlínte gaolmhara a nuashonrú go rialta chun athruithe reachtaíochta agus beartas a chur san áireamh. Cuid riachtanach den phróiseas seo is ea athbhreithniú ar leagnacha Gaeilge dár bhfoirmeacha iarratais. Is fíor gur tháinig roinnt deacrachtaí formáidithe chun cinn le leaganacha Gaeilge de roinnt doiciméad, go háirithe an Dearbhú Reachtúil, ach tá dearbhú tugtha dom ag m’oifigigh go bhfuil an t-ábhar idir lámha agus go ndéanfar é a nuashonrú ar an suíomh gréasáin i gceann cúpla lá.

Is féidir liom a dhearbhú go ndearnadh teagmháil leis na hiarratasóirí i gceist agus go bhfanann oifigigh i dteagmháil leo maidir le forbairtí. Fuair ??mé dearbhuithe freisin nach gcuirfear aon mhoill ag na hiarratasóirí mar thoradh ar na saincheisteanna a sainaithníodh níos luaithe sa phróiseas iarratais. Is trí Ghaeilge a rinneadh gach cumarsáid leis na hiarratasóirí le déanaí agus is amhlaidh a bheidh amach anseo.

Ní dhiúltóidh mé d’iarratas go deo sa chás go n-úsáidtear an leagan Gaeilge in ionad an leagain Bhéarla ach tá sé fós mar cheanglas sa phróiseas iarratais go n-úsáidtear an leagan is nuashonraithe atá ar fáil den fhoirm. Sa chás go n-úsáideann iarratasóirí foirm atá as dáta, cuirfidh oifigigh sin in iúl dóibh agus díreofar iad chuig an leagan is déanaí.

Tá níos lú ná 5 iarratas ar shaoránacht curtha isteach i nGaeilge.

Top
Share