Skip to main content
Normal View

Gníomhú ar son na hAeráide

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 April 2021

Wednesday, 21 April 2021

Questions (655, 656)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

655. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil aon obair fiosrúcháin nó pleanáil déanta ag a Roinn mar gheall ar an tionchar is féidir a bheith ag an athrú aeráide ar an nGaeltacht, agus mura bhfuil go fóill, an mbeadh sí sásta tabhairt faoin obair sin go luath. [20235/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

656. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil aon obair fiosrúcháin nó pleanáil déanta ag a Roinn mar gheall ar an tionchar is féidir a bheith ag an athrú aeráide ar an nGaeilge mar theanga sa tsochaí, agus mura bhfuil go fóill, an mbeadh sí sásta tabhairt faoin obair sin go luath. [20237/21]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 655 and 656 together.

Is príomhthosaíocht de chuid Chlár an Rialtais é dul i ngleic leis an athrú aeráide agus todhchaí níos inbhuanaithe a bhaint amach dá gcuid saoránach. Tá an Rionn seo tiomanta do na haidhmeanna seo a bhaint amach trí gach réimse dár gcuid oibre mar a bheidh le sonrú i Ráiteas Straitéise nua na Roinne a bheidh á foilsiú go gairid.

Tá athrú aeráide agus cur chun cinn na hEacnamaíochta Ghlais lárnach do Straitéis Údarás na Gaeltachta don tréimhse 2021 -2025 chomh maith, a bheidh le seoladh go gairid. Sna blianta amach romhainn, beidh Údarás na Gaeltachta ag obair le geallshealbhóirí éagsúla chun réimse leathan de thosaíochtaí inbhuanaitheachta a chur chun cinn a rachaidh chun tairbhe na Gaeltachta ó thaobh na heacnamaíochta agus an phobail de agus a mbeidh tionchar dearfach acu ó thaobh aeráide agus ísliú carbóin de. Beidh inbhuanaitheacht mar théama lárnach i straitéis nua na heagraíochta. Thar tréimhse 5 bliana na straitéise, beidh an tÚdarás ag cur i bhfeidhm gníomh phleananna bliantúla agus tograí éagsúla chun an earnáil ghlas agus an Eacnamaíocht Chiorclach a chur chun cinn - ag cinntiú go mbeidh prionsabail inbhuanaithe tríd gníomhaíochta na heagraíochta uilig.

Ar ndóigh, beidh idir dúshláin agus deiseanna i gcúrsaí athraithe aeráide don Ghaeltacht agus don Ghaeilge mar theanga pobail sa sochaí agus sa todhchaí.

Tá sé mar fhís ag an Rialtas, ag mo Roinn agus ag an Údarás go mbeidh na pobail Ghaeltachta inbhuanaithe i ngach gné den saol agus go mbeidh ról lárnach ag na heagraíochtaí Stáit i gcumasú agus i neartú na bpobal chun an méid sin a bhaint amach. Tacófar le inmharthanacht na gceantar Gaeltachta trí infheistíocht a dhéanamh in acmhainní daonna, in acmhainní nádúrtha agus in acmhainní caipitil na Gaeltachta ar bhealach a bhíonn chun leasa na bpobal agus na timpeallachta ina mhaireann muid.

Chuige sin, tá Údarás na Gaeltachta tiomanta don inbhuanaitheacht mar cheann de phríomh théamaí a gcuid oibre, sé sin – inbhuanaitheacht phobail, inbhuanaitheacht teanga agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch.

Top
Share