Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 April 2021

Wednesday, 21 April 2021

Questions (661)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

661. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad iarratas ar chead pleanála de gach cineál a rinne Údarás na Gaeltachta nó cliant-chuideachtaí dá chuid le cúig bliana anuas, briste síos de réir limistéar pleanála teanga Gaeltachta leis na sonraí seo a leanas: cé mhéad de na hiarratais phleanála a bhí déanta go hiomlán i nGaeilge amháin; cé mhéad acu a raibh na cáipéisí tacaíochta ar fad i mBéarla; agus cé mhéad acu a bhí go hiomlán i mBéarla amháin. [20590/21]

View answer

Written answers

Tá punann leathan de mhaoin ag Údarás na Gaeltachta sna seacht gContae Gaeltachta. Tógadh formhór na maoine seo sna 1970’aidí agus 1980’aidí agus cé gur déanadh uasghrádaithe éagsúla ar fhoirgnimh áirithe i rith na mblianta, tá roinnt den mhaoin a bhfuil obair athchóirithe suntasach ag teastáil uaidh ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil chuige sin.

Déanann an tÚdarás féin iarratais phleanála a réiteach i gcás tograí beaga neamhchasta agus is i nGaeilge amháin a dhéantar an obair sin.

I gcás tograí casta a mbíonn staidéir agus tuairiscí níos casta le déanamh ina leith, is minic nach mbíonn an dara rogha ach comhairleoirí neamhspleácha ar bheagán Gaeilge a earcú. Tá na ceantair Ghaeltachta lán le ceantair speisialta caomhnaithe agus ceantracha áille cois cósta gur gá saineolas ar ard chaighdeán a chur in áit chun cosaint cuí a thabhairt dóibh. Chuige sin, i go leor cásanna, ní bhíonn de rogha ag Údarás na Gaeltachta ach saineolaithe ábhartha a fhostú chun tabhairt faoin obair seo. Áirítear anseo staidéir cuí a bhíonn le cur isteach leis na hiarratais pleanála. Aithníonn an tÚdarás go bhfuil sé tarlaithe ar chúpla ócáid gur chuir cuid de na gníomhairí seo iarratais isteach thar cheann an Údaráis i mBéarla ar fad gan an t-iarratas a bheith i nGaeilge mar ba chóir.

Tá aghaidh á thabhairt ag an Údarás ar an gceist seo faoi láthair chun leanúnachas agus caighdeán cuí teanga a bhaint amach sna hiarratais phleanála a dhéanann gníomhairí tríú páirtí thar cheann na heagraíochta.

Is fiú a nótáil chomh maith gur minic a lorgaíonn na hÚdaráis Áitiúla leaganacha Béarla de na cáipéisí agus go bhfiafraítear eolas breise i mBéarla.

Ní choinníonn an tÚdarás sonraí maidir le hiarratais pleanála a rinne cliantchomhlachtaí ná eagraíochtaí eile sna ceantair Ghaeltachta. Seo a leanas briseadh síos de na hiarratais pleanála atá déanta ag Údarás na Gaeltachta le cúig bliana anuas de réir contae:

Contae

Gaeilge Amháin

Ábhair Tacaíochta i mBéarla

Béarla Amháin

Iomlán

Dún na nGall

-

10

-

10

Gaillimh

10

2

2

14

Maigh Eo

-

-

-

0

Ciarraí

2

4

-

6

Corcaigh

-

1

-

1

Port Láirge

-

-

-

0

An Mhí

2

-

-

2

Iomlán

14

17

2

33

Top
Share